Táim ag éisteacht le ‘Fantasii’, gearr-albam úr le Myhsa go minic le déanaí. Myhsa is ea E.Jane, ealaíontóir ilmheánach bunaithe i Philadelphia atá sáite go paiseanta i gcúrsaí ceoil is ealaíne sa chathair.Seo pop-amhrán aduain gan chomparáid.
Cloisimíd í ag canadh "Stay with me bae / I wanna be naive / The sky could be yellow / I’ll believe those things".
Mar bhonn leis an amhrán, tiomáintear an dord go cruaidh, leagtar anuas cnagadh trom is cuirtear glór na sintiséirí as a riocht.Éist leis an gceann seo ar na cluasáin. Níl aon éalú ón macalla:l"I’ll believe those things / I’ll believe those things".
Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta