skip to main content

Port ón Taobh Tuathail: Lankum - What Will We Do When We Have No Money

Tá na ceoltóirí ón mbanna Lankum ag plé le cúrsaí ceoil san ard-chathair ó thosnaigh na deartháiracha Ian agus Daragh Lynch ag ceol ag tosach na mílaoise seo. 

Thugadar Lynched orthu féin tráth (imeartas focal ar shloinne na ndeartháracha) ach d’athraíodar a n-ainm go Lankum (ón bailléad ‘False Lankum’ le John Reilly Jr), os rud é bhfuil brí diúltach ceangailte ag an bhfocal ‘lynched’ leis an gcinníochas sna Stáit Aontaithe.



We need your consent to load this SoundCloud contentWe use SoundCloud to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Tá ceathrar sa bhanna anois - Cormac MacDiarmada agus Radie Peat san áireamh - agus táid ag cumadh ceoil aisteach le cos amháin i dtaca in amhráin tíre na traidisiúnta na tíre seo, is an cos eile i dtaca i gcúinne éigin eile coimthíoch don gcosmas.  ‘Between The Earth & The Fire’ a thugann siad a a n-albam úr a bheidh ar fáil ar Rough Trade ag deireadh na míosa seo agus tá sé gan chomparáid.

Seo léamh Lighght, léiritheoir atá bunaithe in iarthar Chorcaí, ar amhrán ón albam.  Maraon le Lankum, is léir go bhfuil taithí mhaith aige ar an mbóthar a thugann fánaithe ceoil ar seachrán go dtí an taobh tuathail.

Craoltar An Taobh Tuathail ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, 22:00 - 00:00 Luan - Aoine.