Tá Sean L. Bowie bunaithe i Turin na hIodáile agus bíonn sé ag eisiúint ceoil faoin ainm Yves Tumor. Cúpla seachtaine ó shin, gan aon scéal a fhógairt, d’eisigh sé albam nua de phreab saor-in-aisce ar an idirlíon.
Experiencing The Deposit Of Faith an teideal ar an tsaothar seo agus is féidir greim a fháil air ag a leathanach Soundcloud.Seo an rian atá tar éis mo chluasa a chur ar bior. Tá sé mar nós ag an gcumadóir seo a áird a tharraingt ar lúb gearr ceoil agus é a chasadh arís is arís eile go dtí go gcuireann sé mearbhall ar an éisteoir.
We need your consent to load this SoundCloud contentWe use SoundCloud to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Sa chás seo, méadaíonn éifeachtaí hiopnóiseacha an phoirt, nuair a thugann sé isteach fuaimeanna ná beadh as áit i rang do ghrúpa machnaimh: bíodh san siosarnach téip, tine ar lasadh nó cór ag canadh amhráin chráifeacha.
Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.