Seo an tríú singil atá eisithe ag Mount Alaska, bunaithe san ardchathair agus seans gurb é an ceann is tarraingtí é as na rianta ar fad atá roinnte acu linn. Tá blianta fada caite ag na cumadóirí Cillian McDonnell agus ag Stephen Shannon ag máistriú a gcéard.
Tá aithne acu ar a chéile le geall le ceathrú céad bliain is tá tréimhsí caite acu ag cumadh is ag casadh ceoil le chéile, bíodh san i mbannaí (Halfset, mar shampla) nó ag diosc-mharcaíocht le chéile, is anois tá a n-áird dírithe ar cheol úr leictreónach a fháisceadh as sean-sintiséirí.
We need your consent to load this SoundCloud contentWe use SoundCloud to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Is léir ó rithimí cruthaitheacha an rogha seo go bhfuil dúil acu na cromáin a mhealladh chun luascadh (ar ndóigh, is drumadóir é Cillian a bhfuil sean-chleachtadh aige ar bhuillí a leagadh anuas ar phoirt) ach is é an fonn uaigneach an phoirt a fhágann a lorg orm, faoi mar a bheadh cumha ar Mount Alaksa i ndiaidh rud éigin, oícheanta órga mar a bhí fadó b’fhéidir ag rave-anna-go-maidin na hardcathrach: ag rince i spásanna dorcha, na súil dúnta, ar meisce ag draíocht an cheoil agus baois na h-óige.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.