Seo an tríú singil atá eisithe ag Mount Alaska, bunaithe san ardchathair agus seans gurb é an ceann is tarraingtí é as na rianta ar fad atá roinnte acu linn. Tá blianta fada caite ag na cumadóirí Cillian McDonnell agus ag Stephen Shannon ag máistriú a gcéard. 

Tá aithne acu ar a chéile le geall le ceathrú céad bliain is tá tréimhsí caite acu ag cumadh is ag casadh ceoil le chéile, bíodh san i mbannaí (Halfset, mar shampla) nó ag diosc-mharcaíocht le chéile, is anois tá a n-áird dírithe ar cheol úr leictreónach a fháisceadh as sean-sintiséirí.

Is léir ó rithimí cruthaitheacha an rogha seo go bhfuil dúil acu na cromáin a mhealladh chun luascadh (ar ndóigh, is drumadóir é Cillian a bhfuil sean-chleachtadh aige ar bhuillí a leagadh anuas ar phoirt) ach is é an fonn uaigneach an phoirt a fhágann a lorg orm, faoi mar a bheadh cumha ar Mount Alaksa i ndiaidh rud éigin, oícheanta órga mar a bhí fadó b’fhéidir ag rave-anna-go-maidin na hardcathrach: ag rince i spásanna dorcha, na súil dúnta, ar meisce ag draíocht an cheoil agus baois na h-óige.

Mount Alaska

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.