Níos luaithe i mbliana d’eisigh Toro Y Moi albam snag-cheoil i dteannta Jared agus Jonathan Mattson, faoin ainm Toro y Moi & the Mattson 2.  Caithfidh mé adhmháil ná rabhas ró-thógtha leis.

Dar leis an bpreas-ráiteas atá ceangailte leis an eisiúnt seo, bhí an cumadóir seo suaite le gairid agus spreag seo é cluas a thabhairt le h-éisteacht  le ceol aimbiach nó ceol ina bhfuil ‘spás’ le mothú ann. 

San áireamh, deir sé go raibh sé ag éisteacht le leithidí Gigi Masin, Daft Punk, Oneohtrix Point Never agus Kashif.  Le súil amháin ar spás a chruthú ina chuid ceoil, bhí súil eile aige ar cheirnín tarraingeacht pop-cheol a chumadh.

Seo an chéad singil óna albam úr Boo Boo agus, sea, níl aon dabht ach go bhfuil pop-amhrán mealltach cumtha aige.  Táim an-tógtha leis an tús is clabhsúr aimbiach atá ag an amhrán… n’fheadar an mbeidh rianta le breis béim ar an stíl ceoil seo le clos ar a albam?

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 22:00 - 00:00 Luan - Aoine.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Cian ar ríomhphost att@rte.ie nó @AnTaobhTuathail ar Twitter.