Is dearthóir é Tom Scholefield a bhfuil cáil air as físeán ceoil a chruthú do leithéidí Jamie Lidell is Warp fad a bhí sé ag freastal ar ollscoil ealaíne i nGlaschú tráth.

Baineann sé leas as dathanna neon agus dathanna a shamhlófá le scannáin Sci-Fi óna h-ochtóidí ina chuid saothair agus tá lipéid mar Hyperdub, Brainfeeder is DFA tar éis leas a bhaint as a chuid oibre.  

Éist go curamach le na rianta uilig atá le clos ar a shaothar úr, Refresher EP, ar Planet Mu agus cloisfidh tú na foinsí seo ag teacht chun solais.  Bhí baint aige le oícheanta ceoil a chur i láthair i gClub 69 Paisley na cathrach, áit a chas leithéidí Autechre agus Squarepusher. 

Níl aon dabht ach go bhfuil macallaí do rithimí na gceoltóirí seo le clos ina chuid ceoil freisin. ‘Cascada’ is ea port cruthaithe do rave-anna an tsamhraidh: cic-dhruma troma ag tiomáint foinn ná beadh as áit ar phort Italo-disco, trom agus éadrom, mar chomhghuallaithe.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 22:00 - 00:00 Luan - Aoine.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Cian ar ríomhphost att@rte.ie nó @AnTaobhTuathail ar Twitter.