Tá albam úr cumtha ag an sacsafónaí Joseph Shabason faoina ainm féin don gcéad uair, albam a bheidh ag teacht amach ar Western Vinyl gan mhoill. Seans go bhfuil a chuid ceoil cloiste cheana agat, os rud é go mbíonn sé ag ceol le bannaí mar Destroyer agus Diana.
Aytche teideal an albaim seo is sin é a thugann sé ar an gcéad bhlaiseadh seo atá roinnte aige linn. Is cosúil go raibh sé ag éisteacht le fuíollach ceoil ó leitheidí Gigi Masin agus The Blue Nile agus gur spreag a gcuid ceoil é chun ceol úr a chumadh, áit a bheadh an bhéim ar nótaí macánta ón dtrúmpa. Chum sé na foinn ar an bpíosa seo agus sheol iad chuig JP, trumpadóir agus a chomhbhadóir sa bhanna Destroyer.

Bhí sé chomh tógtha le iarrachtaí JP, gur spreag sé é tabhairt faoi albam iomlán a chumadh sa stíl seo. Seo snag-cheol comhaimseartha lena chosadh i dtaca i gceobhrán maidin bhreá samhraidh. Ní fada go mbeidh sé ina bhrothall.
Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta idir 22:00 - 00:00 Luan - Aoine.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Cian ar ríomhphost att@rte.ie nó @AnTaobhTuathail ar Twitter.