skip to main content

Port don deireadh seachtaine ón Taobh Tuathail

Neon Atlas
Neon Atlas

Seo singil úr ón grúpa Neon Atlas ó Chorcaigh a bheidh i measc na n-amhrán a bheidh le clos ar a dtríú albam nuair a h-eiseofar é amach anseo. 

We need your consent to load this SoundCloud contentWe use SoundCloud to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences

Cuireann guth an amhránaí Kieran Ring guth le Mark Gardiner ó Ride nó Tim Wheeler ó Ash i gcuimhne dom agus - ambaist -  is minic stíl séiseach an bhanna a bheith curtha i gcomparáid le Ash. 

Le Rob Cahill ar na drumaí is Enda O’Flaherty ar an ndord, cloisim macallaí do The Byrds is Teenage Fanclub ag teacht chun cinn ar an bpop-amhrán spleodarach seo freisin.  Beidh Neon Atlas ar an ardán ag deireadh-seachtaine ceoil Townlands Carnival i Maigh Cromtha i mí Iúil.

Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail, clár ceol nua ailtéarnach ó thimpeall na cruinne, i láthair idir 22:00 - 00:00 Luan - Aoine ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Cian ar ríomhphost att@rte.ie nó @AnTaobhTuathail ar Twitter.