Tabharfaidh an clár seo deis do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na cruinne, an Diaspora agus foghlaimeoirí teanga san áireamh, a gcuid tuairimí a roinnt lena chéile agus a bheith páirteach sa chlár. Is é Cearbhall Ó Síocháin láithreoir an chláir, agus beidh tuairiscí le cloisteáil air faoi scéalta reatha idirnáisiúnta, agallaimh agus míreanna rialta eile ó Ghaeil sa bhaile agus thar lear.