Clár cúrsaí reatha agus spóirt, á chur i láthair ag Cormac Ó hEadhra ó Bhaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúntaa bheidh faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.
Beidh míreanna rialta faoi chúrsaí gnó, beidh colún raidió ann, beidh plé ar na scéalta atá clúdaithe sna meáin Ghaeilge, chomh maith le mír siamsaíochta agus cultúir gach Aoine le Sinéad Ní Uallacháin.