Dé hAoine 13 Deireadh Fómhair ar Rónán Beo @3 beidh Cath Ceoil na nGaeltachtaí ann beo ó Dhoirí Beaga agus ó stiúideo Bhaile na nGall chun Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair a sheoladh go hoifigiúil. 

I measc na gceoltóiri a bheidh páirteach, beidh Séamus agus Méabh Begley ó dheas, agus sa stiúideo i dTír Chonaill beidh Mairéad Ní Mhaonaigh, Gearóid Ó Maonaigh, Nia Ní Bheirn, Manus Lunny, Theresa Kavanagh agus Diane Cannon. 

Beidh Liam Ó Maonlaí agus Robbie Hannan le cloisteáil ar an gclár freisin. 

Beidh cath fianta idir an dá dhream, agus é de pléisiúr ag na héisteoirí suí siar agus éisteacht le cuid de na ceoltóirí is fearr sa tír i mbun oibre.  Rónán Mac Aodha Bhuí a dhéanfaidh an réiteoireacht eatarthu. 

Beidh Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair ar siúl ó 27 Nollaig go 1 Eanáir, agus i measc na gceoltóirí a bheidh páirteach, beidh Iarla ó Lionáird le Steve Cooney, Caoimhín Ó Raghallaigh, an grupa RÉ le Liam Ó Maonlaí, Cormac Begley, Maitiú Ó Casaide, Eithne Ní Chatháin agus Peter O’Toole.  Beidh ceardlanna ceoil agus ealaíne, agus imeachtaí don teaghlach ar fad, ar bun.  Beidh Robbie Hannan, Angelina Carberry, Bríd Harper, Dan Brouder, Diane Cannon, Eilís Lavelle agus go leor eile i measc na dteagascóirí i mbliana.

Tune in for a very special edition of Rónán Beo @3 on Friday 13 October with a live sound clash live from Donegal and Kerry to launch this year’s Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair. 

Top drawer musicians only, to include, in the Baile na nGall studios in West Kerry Séamus and Méabh Begley, and in the Doirí Beaga studios in Donegal Mairéad Ní Mhaonaigh, Gearóid Ó Maonaigh, Nia Ní Bheirn, Manus Lunny, Theresa Kavanagha and Diane Cannon. The trad giants will compete for our attention, while listeners can sit back and enjoy the show, which will be chaired as always by the inimitable Rónán Mac Aodha Bhuí. 

Liam Ó Maonlaí and Robbie Hannan will also be on the programme. 

This year’s Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair takes place from 27 December to 1 January, and will includes such luminaries as Iarla ó Lionáird with Steve Cooney, Caoimhín Ó Raghallaigh, Liam Ó Maonlaí’s super-group RÉ with Cormac Begley, Maitiú Ó Casaide, Eithne Ni Chatháin and Peter O’Toole.