Bronnadh Gradam Saoil, IMRO Hall of Fame, ar Shéamus Mac Géidigh Dé hAoine 22 Meán Fómhair ag ócáid in oifigí Údarás Craolacháin na hÉireann i mBaile Átha Cliath.
Bhí bean chéile Shéamuis, Dolores Mhic Géidigh, agus baill teaghlaigh eile, i láthair ag an ócáid chun glacadh leis an ngradam, chomh maith le Ceannaire Gníomhach an stáisiúin, Gearóid Mac Donncha.
Bhí Séamus ag obair mar Bhainisteoir Réigiúin i nDoirí Beaga nuair a cailleadh go tobann é i mí Iúil 2016. Bhí 28 bliain caite aige ag obair leis an tseirbhís.
Bhí ard-mheas air mar chraoltóir, agus aithne agus ómós ar leith dá chuid oibre mar thráchtaire ar chluichí CLG. Dúirt an tAthair Seán Ó Gallchóir gurb é a bhí mar ghuth Chumann Lúthchleas Gael Dhún na nGall.
Dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire Gníomhach RTÉ Raidió na Gaeltachta, a bhí i láthair ag an searmanas inniu:
"Is onóir ar leith é go mbronnfaí an gradam IMRO Hall of Fame ar chraoltóir, agus tá muid an-mhórtasach agus bródúil go bhfuil sé le bronnadh ar ár gcara atá ar lár. Is deacair cur síos a dhéanamh ar an méid a rinne Séamus ná an cineál duine a bhí ann. Ní amháin gur sár-chraoltóir a bhí ann ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus gur bhain sé an t-uafás amach sa ghairm sin, ach bhí tionchar aige mar dhuine orthu siúd uilig a casadh air ina shaol oibre, sa CLG agus i measc an phobail go ginearálta. Bhí cairde aige i ngach áit mar go raibh suim aige i ndaoine agus ina gcuid scéalta. Airíonn muid uainn ár gcara agus guíonn muid suaimhneas síoraí dá anam uasal."
Bhí Linda McAuley ó BBC Uladh, Billy McCarty, nach maireann, ó WLRFM agus Joe King, Broadcast Technical Services, ar na daoine eile ar bronnadh an gradam seo orthu inniu.
______________________
Séamus Mac Géidigh was inducted into the IMRO Radio Awards Hall of Fame posthumously on Friday 22 September at an event in the BAI’s office in Dublin.
Séamus’s wife Dolores, his son Dónal, and his sister Ann with her husband Joe McElroy, were there to accept the award on behalf of the family. Gearóid Mac Donncha, Acting Head of RTÉ Raidió na Gaeltachta, was also there and spoke at the event.
Séamus was working as Regional Manager in our Doirí Beaga studio in northwest Donegal when he passed away suddenly in July 2016. He had spent 28 years working with the service.
He was a highly respected broadcaster, and was especially well-known and valued for his GAA commentary. He was described by Fr Seán Ó Gallchóir as The Donegal Voice of Gaelic Games.