Ar mhait leat obair linn anseo i RTÉ Raidió na Gaeltachta? Tá muid ag iarraidh painéal Clár Reachtairí a earcú do sna stiúideonna sin i gCasla i gConamara, sna Doirí Beaga i nDún na nGall, i mBaile na nGall i gCiarraí agus i gceannáras Raidió RTÉ i mBaile Átha Cliath.
26 Meán Fómhair an dáta deiridh d'iarratais.
I measc na ndualgas a bheidh ar an gClár Reachtaire, beidh:
* Taighde, léiriú agus láithriú ar chláir agus feasacháin i réimsí éagsúla: nuacht & cúrsaí reatha, spórt, ceol, siamsaíocht, cláir irise agus tuilleadh.
* Cóip nuachta a scríobh, a aistriú agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu.
* Agallaimh agus píosaí fuaime a thaifead sa stiúideo agus ar láithreacha seachtracha eile.
* Eagarthóireacht a dhéanamh ar phíosaí fuaime atá réamhthaifeadta.
* Cabhair a thabhairt do sheirbhísí eile de chuid RTÉ de réir mar is gá.
Tá muid ag lorg daoine a bhfuil:
* Gaeilge den scoth acu, idir scríobh agus labhairt.
* Tuiscint faoi leith acu ar shaol chultúrtha agus polaitíochta na tíre, ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
* Eolas maith acu ar chúrsaí reatha agus nuachta, cúrsaí spóirt, cultúr, siamsaíocht agus ceol.
* Breith stuama eagarthóireachta.
* Scileanna craoltóireachta.
* Scileanna eagrúcháin agus cumarsáide den scoth acu agus atá in ann a bheith ag obair as a stuaim féin nó mar chuid d’fhoireann léiriúcháin.
* Eolas maith ar na meáin shóisialta acu agus éirim i gcúrsaí teicneolaíochta.
* Taithí i scéalta a fhorbairt, a scríobh agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu.
* Suim agus eolas acu faoin tseirbhís a chuireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fáil don phobal.
Breis eolais / Cuir isteach ar an bpainéal ag an nasc seo:
http://about.rte.ie/working-with-rte/vacancies