Ba iad Éanna Ó Cróinín, píob, agus Úna Ní Fhlannagáin, cruit, a thug leo Bonn Óir Seán Ó Riada Dé hAoine ag an gcraobh a craoladh beo ó Óstán Pháirc Bhaile an Róistigh i gCorcaigh. 

Is as Liombó i Ráth Cairn i nGaeltacht na Mí d’Éanna Ó Cróinín.  Thosaigh sé ag casadh ceoil ar an bhfeadóg stáin ag aois an-óg agus thosaigh sé ar na píobaí nuair a bhí sé deich mbliana d’aois.  Tá go leor duaiseanna buaite aige dá chuid ceoil, agus tá céim Máistreachta aige sa cheol ó Ollscoil Luimnigh.  Is múinteoir matamataice agus ceoil é sa mheánscoil i Ráth Cairn.

As Creachmhaoil in oirthear na Gaillimhe d’Úna Ní Fhlannagáin, ach tá cónaí uirthi anois sna Fothraí Maola i mBearna.  Tá sí ar dhuine de bhunaitheoirí Scoil Cheoil Bhaile Átha an Rí, agus bíonn sí ag teagasc ceoil ar fud chontae na Gaillimhe.  Tá sí ina múinteoir ceoil freisin i gColáiste an Eachréidh. Thosaigh sí amach ag seinm ceol traidisiúnta na hÉireann, ach anois seinneann sí réimse leathan ceoil, ina measc snagcheol agus popcheol.

14 ceoltóir a bhí ar stáitse Dé hAoine ag an ócáid in Óstán an Rochestown Park.  Ba é Cian Smith,12, as Port Láirge an duine ab óige sa chomórtas agus ba ag Aislinn Gagliardi a bhí an t-aistear ab fhaide, thaisteal sí anonn ó Chicago, Mheiriceá. 

Peadar Ó Riada a chuir an comórtas don Bhonn Óir ar bun seacht mbliana ó shin tríd a chlár Cuireadh chun Ceoil in ómós dá athair, an ceoltóir agus an cumadóir Seán Ó Riada.   

_____________________________________

Piper Éanna Ó Cróinín from Ráth Cairn in Co. Meath, and harper Úna Ní Fhlannagáin from Galway were the winners in the final of the Seán Ó Riada Gold Medal competition broadcast live from Cork on Friday night.

They were presented with the medals, made of solid silver, which will now have their names engraved on them before they are coated in gold by Cashel goldsmith Pádraig Ó Mathúna.  They will also share a cash prize of €2500.

Éanna Ó Cróinín grew up playing music, and learned the pipes in the Na Píobairí Uilleann, the Pipers Club in Henrietta Street in Dublin.  Previous to his win on Friday, he had won many awards for his music.  He teaches maths and music  in Pobascoil Ráth Cairn.

Úna Ní Fhlannagáin is from Craughwell in Co. Galway, but now lives west of the city in Bearna.  She is one of the founders of the Athenry School of Music, and as well as traditional music, she plays jazz, pop, and original composition.  

Na hiomaitheoirí sa chraobh: Tim Doyle, Alannah Thornburgh, Gráinne Fitzgibbon, Jack MacPartlin, Niamh McGloin, Éanna Ó Cróinín (buaiteoir), Cian Smith, Úna Ní Fhlannagáin (buaiteoir), Éadaoin Ní Mhaicín, Cathy Potter, Michael Coughlan, Aislinn Gagliardi, Colm McGonigle agus Florian Blancke. 

Úna Ní Fhlannagáin, Antoine Ó Coileáin, Gael Linn, Tadhg Ó Maolchatha, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, agus Éanna Ó Cróinín.