Is é an 2 Deireadh Fómhair an dáta deiridh le cur isteach ar Bhonn Óir Seán Ó Riada 2015.
Is iad an fheadóg mhór agus an fheadóg stáin na huirlisí atá i gceist i mbliana. Astu siúd a chuirfidh isteach ar an gcomórtas, roghnófar 15 iomaitheoir le seinm sa chraobh i mí Feabhra i gCorcaigh.
Gheobhaidh an buaiteoir Bonn Óir Seán Ó Riada, deartha ag an ngabha óir Pádraig Ó Mathúna, agus €2000. Ba é an fidléir óg Darragh Curtin ó Chiarraí a bhuaigh an comórtas i mí Feabhra na bliana seo.
Le cur isteach ar an gcomórtas, ba cheart do cheoltóirí 5 phíosa ceoil gan tionlacan a thaifead agus iad a uaslódáil go dtí an suíomh idirlín www.cuireadhchunceoil.ie, nó iad a chur ar dhlúthdhiosca agus iad a chur sa phost chuig Peadar Ó Riada i gCúil Aodha. Tá breis eolais le fáil ar an suíomh.
Chuir Peadar Ó Riada tús leis an gcomórtas seo sé bliana ó shin i gcuimhne ar a athair, agus cuirtear an-bhéim ann ar cheolmhaireacht agus ar spiorad an cheoil.
Fógrófar an 15 iomaitheoir a bheidh sa chraobh ag Éigse Dhiarmuidín ag tús mhí na Nollag. Casfaidh Peadar Ó Riada cuid de na hiarrachtaí ó iomaitheoirí ar a chlár Cuireadh chun Ceoil gach Aoine ag 7 pm idir seo agus sin.
___________________________________________
The closing date for entrants for the Seán Ó Riada Gold Medal competition 2015 is 2 October.
This year the instruments are flute and whistle. 15 finalists will be chosen to compete in the final, broadcast live from Cork in February. The winner will receive the Seán Ó Riada Gold Medal, designed by Pádraig Ó Mathúna, and €2000. The young Kerry fiddler Darragh Curtin was the 2014 winner.
To apply, musicians should record 5 unaccompanied pieces of music and upload them to the site www.cuireadhchunceoil.ie or send them by post to Peadar Ó Riada. Full details on site.
Peadar set up this competition 6 years ago in memory of his father, and it places particular emphasis on musicality and the spirit of the music.
The 15 finalists will be announced at Éigse Dhiarmuidín at the beginning of December. Peadar Ó Riada will play some of the entries on his Friday evening show Cuireadh chun Ceoil every week at 7 pm between now and then.