Cuirfidh Bláthnaid Ní Chofaigh tús le sraith úrnua raidió Dé Sathairn 12 Meán Fómhair, Bláthnaid Libh, clár cainte a chraolfar maidin Shathairn 11 am – 12 pm.
Tá súil ag Bláthnaid go meallfaidh an clár éisteoirí nua go bhfuil Gaeilge acu, ach go mb’fhéidir nach bhfuil siad iomlán líofa. Beidh mír rialta aici, ‘Bain triail as’, le daoine aitheanta ag freagairt ceisteanna as Gaeilge go bhfeice sí cén méid Gaeilge ar cuimhin leo ón scoil. Beidh ‘Tacsaí Raidió’ ar an gclár gach seachtain, ina mbeidh sí ag caint le tuismitheoirí fud fad na tíre atá gnóthach ag tabhairt páistí go ranganna, cluichí, traenáil srl, agus beidh an craoltóir Chris Greene ag bualadh isteach le comhrá a bheith aige le Bláthnaid. Beidh aíonna speisialta freisin, mír rialta spóirt, agus tráth na gceist, le neart duaiseanna agus spraoi.
Deir Bláthnaid:
Tá mé ag súil go mór le tabhairt faoi Bláthnaid Libh, agus leis an deis a bheith ag obair ar an raidió i mo theanga dúchais fhéin, rud a cheadóidh dom a bheith go hiomlán ar mo chompord. Beidh béim ar scéalta daonna ar an gclár, agus ar thuairimí agus ar scéalta na mban go háirithe, gan dearmad a dhéanamh de na fir dár ndóigh! Beidh idir mhagadh is dáiríre i gceist, agus beimid ag súil go mór le cloisteáil ónár gcuid éisteoirí.
Is féidir libh dul i dteagmháil leis an gclár ar Twitter @blathnaidlibh, nó ar ríomhphost .
__________________________________________________________
Bláthnaid Ní Chofaigh takes to the airwaves on the 12th September for the first show in her brand new radio series, Bláthnaid Libh. The Saturday morning magazine show will be broadcast from 11 am to 12 am each week.
Bláthnaid hopes to entice people with a love of the language, but perhaps not fluency, to listen in to the show on Saturdays. Each week, she’ll have some well-known personalities display how much they remember from their school Irish. We’ll hear from busy parents across the country bussing their kids to training, matches, classes etc. on Saturday mornings, and Chris Greene from 2 fm will be popping by each week for a chat. There will also be special guests, a regular sports feature, a quiz, lots of prizes to be won, and plenty of good fun.
Contact Bláthnaid Libh on Twitter @blathnaidlibh, or by email