Seo roinnt eolais faoi chuid de na cláracha a bheidh á gcraoladh againn le linn na Nollag. Guímid Nollaig mhór mhaith ar ár n-éisteoirí uilig.
Some of our Christmas highlights. We would like to wish all our listeners a very happy Christmas and peaceful New Year.
20/12/2014 9 pm
An Ghealach Ghorm
Eagrán speisialta Nollag ag Áine Hensey dúinn, le ceol ó Jackson Browne, The Eagles, Finola Ó Siochrú, The Henry Girls, Don Stiffe, John Prine, Dordán, Loudon Wainwright, Woody Guthrie agus go leor eile,
Christmas songs from musicians from Jackson Browne to The Eagles to Woody Guthrie.
21/12/2014 1.15 pm
SBB agus a Aoi
Agallamh le duine de na cúl báirí is fearr riamh i stair CLG, Johnny Geraghty, as Cill Choirín in oirthear na Gaillimhe ó dhúchas agus cónaí air anois i mBaile Átha an Rí. An interview with legendary Galway goalkeeper Johnny Geraghty.

24/12/2014 2 pm
Cuairt Dhaidí na Nollag
sa chlár seo cloisfimid mar a d’éirigh leis nuair a thug sé cuairt ar Cheanncheathrú Raidió na Gaeltachta i gConamara níos luaithe an mhí seo.
A programme recorded when Santa stopped by RTÉ RnaG earlier this month.
24/12/2014 7 pm
Ceol Binn ó na Beanna
Coirmcheoil a taifeadadh ag Scoil Samhraidh Joe Mooney i Liatroim. Ar chuid de na ceoltóirí a bhí ar stáitse, bhí John Wynne, Rosie Stewart, Dartry Céilí Band, Síle Denvir, Dónal agus Michael McCague.
Music recorded live at the Joe Mooney Summer School in Drumshambo, Co. Leitrim.
24/12/2014 10 pm
An Taobh Tuathail
Rogha ceoil Nollag neamhghnách a bheidh ag Cian Ó Cíobháin dúinn anocht. Beidh idir shean agus óg le cloisteáil, ó Frank Sinatra go Tom Waits go Sufjan Stevens. An atmospheric Christmas Eve edition of the show presented by Cian Ó Cíobháin.

25/12/2014
Réalta Órga Ríogacha
Smaointe, ceol agus iomainn Nollag leis an Ath. Brian Ó Fearraigh.
Fr Brian Ó Fearraigh presents music, hymns and musings on Christmas.
25/12/2014 6.30 pm
Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy 2013
Clár speisialta ar an 20ú Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy, an ceann deireanach a reáchtáladh i gcuimhne ar an bhfliúiteadóir Frankie Kennedy. Cloisfimid ceol le Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill le Dáithí Sproule, Altan, Fidil, Máire Ní Bhraonáin, agus ceoltóirí eile.
Recorded live at the final Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy, with music from Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill, Altan and Fidil, among others.

25/12/2014 10 pm
An Taobh Tuathail
Ceol atmaisféarach, ciúin, séimh le leithéidí Aphex Twin, A Silver Mt. Zion agus Jóhann Jóhannsson.
Cian Ó Cíobháin makes his Christmas day debut this year, with a quiet, ambient mix of music.
26/12/2014
Iris Aniar
30 bliain ó shin, ar 19 Deireadh Fómhair 1984, throid an dornálaí Seán Ó Mainnín as Ros Muc i gcoinne Mike McCallum i Madison Square Gardens i gCraobh Meánmheáchain Éadrom an Domhain. Inniu, cloisfimid eagrán speisialta d’Iris Aniar a craoladh leis an éacht sin a cheiliúradh. A special programme broadcast to mark 30 years since Connemara boxer Seán Mannion fought for the World Light Middleweight title in Madison Square Gardens.

26/12/2014
Seirbhís Chearúil na Nollag 2014
Seirbhís chearúil Nollag a taifeadadh in Eaglais Ollscoil Mhaigh Nuad i mí na Nollag. Bhí córacha Choláiste Phádraig agus Ollscoil Mhaigh Nuad páirteach.
A carol service recorded in NUI Maynooth, under the direction of Dr John O’Keeffe.
26/12/2014 12.08 pm
An Saol ó Dheas
Eagrán speisialta den chlár. Helen Ní Shé agus Domhnall Mac an tSítigh agus iad ag tabhairt cuairt ar An Tiaracht, an ceann is sia siar d’Oileáin an Bhlascaoid, i gCiarraí.
Helen Ní Shé takes a trip to An Tiaracht, the most westerly of the Blasket Islands, with Danny Mac an tSíthigh.

26/12/2014 2 pm
Cumadóireacht Ceoil le James Ross
Ócáid stairiúil i gcathair na Gaillimhe i mí Bealtaine 2014 nuair a tháinig an cumadóir clúiteach James Ross le chéile le 170 dalta ó scoileanna éagsúla ceoil ó chathair agus contae na Gaillimhe chun ceol a chumadh agus a chasadh.
A very special concert recorded in Galway, featuring composer James Ross with almost 200 young Galway musicians.
_______________________________________________
27/12/2014 10 am
Oireachtas 2014
Buaicphointí na féile ó na comórtais sean-nóis, lúibíní, Rónán Beo @3, An Saol ó Dheas agus Togha agus Rogha. A look back at the highlights of the Oireachtas festival in Killarney.

27/12/2014 2 pm
Súil Siar Iomána 2014
Caithfidh painéal i stiúideonna fud fad na tíre súil siar ar Chraobh Iomána 2014 sa chlár seo.
A panel looks back at the 2014 Hurling Championship.
28/12/2014 10.30 am
A Siúr Future
Sa chlár seo, cloisfimid cúigear ban rialta ag cur síos ar an saol mar a bhí nuair a tháinig siad féin isteach sa chlochar. Labhrann siad faoina saol ansin anois, agus cloisfimid a ndearcadh faoi thodhchaí na n-ord rialta.
A documentary about convent life and the religious orders.
28/12/2014 1.15 pm
Comhrá an Tráthnóna
Sa chlár seo, déanann Seán cur síos dúinn ar a shaol lena bhean chéile Ciara, agus mar a cailleadh go tobann í in aois 35 bliain di, agus a gcéad páiste 10 seachtaine d'aois.
An interview with Seán Óg Ó Duinnín from Cork who tragically lost his wife when their first child was just 10 weeks old.

28/12/2014 2 pm
Súil Siar Peile 2014
Caithfidh painéal súil siar ar Chraobh Peile 2014. A panel looks back at the 2014 Football Championship.
28/12/2014 4 pm
Éigse Sheáin Bháin 2014
Léacht a thug an béaloideasóir, An Dr Séamus Ó Catháin, le linn Éigse Sheáin Bháin i mBaile na Finne.
A lecture by folklorist Dr Séamus Ó Catháin about his time in
Donegal.
28/12/2014 6.30 pm
Ceolchoirm Sean-nóis
Scór de na fonnadóirí a thug leo Corn Uí Riada le 40 bliain anuas a bhí ar stáitse in Óstán na Páirce sa Spidéal, chomh maith le Cór Chúil Aodha.
Some of the greatest sean-nós singing talents in the tradition recorded live in concert.
29/12/2014 11 am
Bád Chlós Mhíobhaigh
Labhrann Séamus Mac Géidigh le roinnt acu sin a d’oibir sa bhadchlós fán tábhacht a bhí leis don cheantar agus do thionscal na hiascaireachta sa chontae.
A special programme about the Mevagh Boatyard build by the Congested Districts Board and opened in 1910.

29/12/2014 1.30 pm
An Lá seo Romham
Caitheann Dónall Mac Ruairí an lá le Muiris Conchubhair Beag Ó Gallchóir atá mar Oifigeach Stáisiúin ar Stáisiún Bhriogáid Dóiteáin Ghaoth Dobhair.
Today, we spend the day in the company of a member of the Donegal fire service in Gaoth Dobhair, Muiris Conchubhair Beag Ó Gallchóir.
29/12/2014 2 pm
An tAsgard
Clár speisialta faoin Asgard, agus beirt fhear as Tír Chonaill a bhí ar bord, nuair a tugadh an lasta gunnaí agus armlóin i dtír i mBinn Éadair ar 26 Iúil 1914.
A special programme about the Asgard, and two Donegal men who were aboard, 100 years after it brought its cargo of arms to Howth.
30/12/2014 11 am
Dún na nGall agus an Chéad Chogadh Domhanda Meastar gur throid suas le 5,000 duine as Dún na nGall sa Chéad Chogadh Domhanda, agus gur maraíodh 674 acu sin. Sa chlár seo cloisfimid scéal mhuintir Dhún na nGall sa Chogadh Mór.
It is estimated that 5000 people from Donegal fought in the First World War, and this programme tells their story.

30/12/2014 1.30 pm
An Lá seo Romham
Inniu tá Dónall ar an bhealach i gcuideachta Liam Mhic Aoidh, tiománaí leoraí as Gaoth Dobhair.
Dónall Mac Ruairí learns about the life of a lorry driver, when he spends the day with Liam Mac Aoidh.
30/12/2014 2 pm
Coláiste Loch Súilí 1934-1984
Teacht le chéile iar-dhaltaí Choláiste Loch Súilí i nGleann Bharr i dTír Chonaill. T
A programme about Irish language college Loch Súilí, and their recent reunion of pupils.
30/12/2014 7 pm
Éirinn is Alba
Coirm ó Scoil Samhraidh Willie Clancy 2014 a rinne ceiliúradh ar an dlúthcheangal idir Alba agus an scoil, le ceoltóirí ón dá thír. A concert recorded live at the Willie Clancy Summer School 2014 with the best in Scottish and Irish musicians.

31/12/2013 11 am
CLG Dhún na nGall
Déanfaidh an saineolaí ar chúrsaí peile, an tAthair Seán Ó Gallchóir, cur síos ar thréimhse bainistíochta Jim Mc Guinness, an todhchaí faoi stiúir Rory Gallagher. Donegal football expert Fr. Seán Ó Gallchóir gives his reading of the tenure of Jim McGuinness as Donegal manager, and what the future holds now.
31/12/2014 2 pm
An Monsignor Breandán Ó Doibhlin
Labhrann an Moinsíneoir Breandán Ó Doibhlin le hÁine Ní Churráin faoina shaol agus a shaothar.
An interview with Monsignor Breandán Ó Doibhlin, Professor Emeritus with Modern Languages in NUI Maynooth.

31/12/2014 10 pm
Slán le 2014
Ceol, comhrá, craic, súil siar ar 2014, agus súil chun cinn ar an mbliain atá amach romhainn, le Jó Ní Chéide agus Josie Ó Cualáin.
Join Jó Ní Chéide and Josie Ó Cualáin to say goodbye to 2014.
1/1/2015 12.08 pm
An Saol ó Dheas
Inniu ar an gclár cloisfimid togha an cheoil ó Cheolchoirm na hÉigse ag Éigse Dhiarmuidín i gCúil Aodha ag tús mhí na Nollag.
A concert recorded live at Éigse Dhiarmuidín in West Cork in December.
1/1/2015 1.30 pm
An Lá seo Romham
Téann Dónall Mac Ruairí amach ag obair le Charlie Mac Mac Pháidín, fear tacsaí, ar chlár an lae inniu.
We spend a night out working with taxi man Charlie ‘Mac’ Mac Pháidín, a man who has lots of stories to tell!

1/1/2015 7 pm
Ceol Binn ó na Beanna
Ceolchoirm a taifeadadh beo ag Tionól Niocláis Tóibín san Déise i mí Feabhra.
Traditional music from Michelle and Louise Mulcahy, Cór Fear na nDéise, Séan Ryan and more, from a concert at the Nioclás Tóibín festival.
2/1/2015
An tUltach
Clár speisialta a taifeadadh le linn chomóradh 90 bliain don iris An tUltach i Leabharlann Uí Fhiaich in Ard Mhacha. A programme recorded at celebrations to mark 90 years of An tUltach.
2/1/2015
An Lá seo Romham
Tá Pádraig Mac Eamharcaigh ina fhear poist i gceantar Ghaoth Dobhair le blianta fada, agus inniu caitheann Dónall Mac Ruairí lá ina chuideachta.
The life of a postie – we join Gaoth Dobhair postman Pádraig Mac Eachmharcaigh on his rounds.
