An Saol Ó Dheas

12:08 - 13:00 Luan - Aoine / Mon - Fri

Cuirtear béim san irischlár seo ar imeachtaí éagsúla i gceantair Ghaeltachta na Mumhan go príomhdha.

The emphasis is firmly on the Gaeltacht regions of Munster in this magazine programme.

An Saol ó Dheas Luan 8 Feabhra 2016

Éist anois

An Saol ó Dheas

Clár irise, á chur i láthair beo ó Bhaile na nGall.
Éist anois

An Saol ó Dheas Dé Luain 08/02/2016

Micheál Ó Muircheartaigh Súil Siar, Seán Gavin Buaiteoir Bhonn Óir SÓR, Micheál Ó Leidhinn polaitíocht, Tomás Ó Cinnéide Gárda Cósta, Gearóid Ó hÉalaithe, Criostóir Ó Faoláin, Cabrini de Barra gradaim Glór na nGael.
Éist anois

Micheál Ó Muircheartaigh Súil Siar 08/01/2016

Súil siar ar na cluichí dara babhta i sraith Náisiúnta Peile Allianz. Bhuaigh Ros Comáin ar Chiarraí, Bhuaigh Dún na nGall ar Chorcaigh agus bhuaigh an Lú ar Phort Láirge i R4. Ana lá ag cumainn an Teampaill Nua agus Naomh Muire i bPáirc a' Chrócaigh Dé Sathairn.
Éist anois

Seán Gavin Buaiteoir Bonn Óir SÓR 08/02/2016

Buaiteoir Bhonn Óir Seán Ó Riada i rith an deire seachtaine. Dreas poirt ar bhfeadóg mhór- The Wandering Minstrel/Fraher's.
Éist anois

Micheál Ó Leidhinn Polaitaíocht, 08/02/2016

Comhfhreagraí polaitíochta Radio na Gaeltachta. Na h-impleachtaí a bheidh ag cinneadh Tom Fleming i rith an deire seachtaine, gan dul san iomaíocht ins an olltoghchán seo. Muintir Thrá Lí agus Íochtar Chiarraí mí-shásta toisc Cill Airne bheith roghnaithe mar lár-ionad don gcomhaireamh olltoghcháin.
Éist anois

Tomás Ó Cinnéide Gárda Cósta an Daingin, 08/02/2016

Maraíodh bean óg sna 4o-aí ó Chiarraí Thuaidh tar éis di titim cúpla céad troigh ar Chnoc Shráidbhaile agus isteach san abhainn inné. Bhí grúpa siúlóide suas le deich dhuine fhichead ar an gcnoc nuair a tharla an tragóid. Glaoch amach ar an nGarda cósta ag a 2:15 inné.
Éist anois

Gradaim Glór na nGael 08/02/2016

Gearóid Ó hÉalaithe: Coiste Forbartha Chill na Martra: Duais Chúige Mumhan Glór na nGael do choistí deonacha, €1,500, buaite acu. Criostóir Ó Faoláin: Comhlacht Forbartha na nDéise, €5,000 i rannóg na gcoistí Gaeltachta ag Glór na nGael le déanaí. Cabrini de Barra: Feidhmeanach le Glór na nGael ins na Déise.

An Saol Ó Dheas

Clár is deireanaí

An Saol Ó Dheas ar Twitter

Láithreoir: / Presenter: Helen Ní Shé
Léiritheoirí / Producers: Dara Ó Cinnéide, Pádraig Ó Sé

Sceideal Féach sceideal