Tá uasdátú nua d'aip RTÉ Radio Player á chur amach chuig lucht úsáide na haipe. Leis an uasdátú seo, méadófar an méid ábhair atá le feiceáil ag an lucht úsáide agus tabharfar faoi fhabhtanna éagsúla.
Íoslódáil: iOS | Android
Tacaíocht: radio.player@rte.ie
Tá ceisteanna coitianta maidir leis an uasdátú ar fáil thíos. Is féidir teacht ar fhiosruithe tacaíochta ginearálta d'aipeanna agus láithreáin gréasáin RTÉ Radio anseo.
Cuidiú & Tacaíocht
Ceisteanna Coitianta
Céard atá ar fáil ar an RTÉ Radio Player?
Ligtear duit in aip RTÉ Radio Player cláracha ó stáisiúin Raidió RTÉ, chomh maith le réimse leathan podchraoltaí nua a chraoladh beo agus éisteacht siar leo chomh maith.
Taispeántar cláir raidió a craoladh le seachtain duit sa sceideal éiste siar. Athraíonn an méid gearrthóga agus podchraoltaí atá ar fáil san aip de réir an chláir, ach is féidir leat an t-ábhar iomlán atá ar fáil sa chartlann a chuardach ag rte.ie/radio.
Ní minic a tharlaíonn sé ach uaireanta d'fhéadfadh srianta ar chearta teorainn bac a chur leis an gcumas atá againn ábhar a chur ar fáil ar éileamh.
Cén chaoi a n-athraím an stáisiún raidió?
Tapáil ar an deilbhín roghchláir (trí líne) sa chúinne ag barr ar chlé san aip chun an roghchlár a thaispeáint. Tá an roghnóir raidió ar fáil ag bun an roghchláir.
Is féidir leat scrolláil síos freisin chuig sraith "Live Radio & Podcasts" chun do rogha a dhéanamh.
Cén chaoi a bhfuil mé in ann feiceáil céard atá craolta ar an raidió? An bhfuil sceideal éiste siar ar fáil?
Roghnaigh stáisiún raidió agus cliceáil ar an mír roghchláir "Cláracha & Sceideal" agus feicfidh tú pictiúr d’fhéilire ina bhfuil gach clár le 7 lá anuas chomh maith le liosta de chláracha atá le craoladh sna 7 lá amach romhainn mar chuid de. Cuirtear na cláracha atá ar fáil ar éileamh in iúl leis an deilbhín beag.
Chun ábhar a fháil níos faide siar ná 7 lá, téigh chuig rte.ie/radio chun cuardach a dhéanamh.
Cén chaoi a bhfaighidh mé gearrthóga agus míreanna aonair ó chlár raidió ar RTÉ Radio Player?
Chun teacht ar ghearrthóga aonair, cliceáil ar an roghchlár agus cliceáil ar "Phodchraoltaí" agus roghnaigh clár.
Nóta: Níl gearrthóga ar fáil do gach clár. Má tá aon cheist agat faoi sin, déan teagmháil le foireann an chláir go díreach. Beidh sonraí faoi mar atá tú in ann dul i dteagmháil leo ar fáil ar an leathanach atá acu ag rte.ie/radio.
Cén chaoi a bhfuil mé in ann teacht ar Phodchraoltaí ar an aip ar RTÉ Radio Player?
Aimseoidh tú sraith gné-phodchraoltaí nua ar leathanach gach stáisiún raidió, nó sa tsraith "Live Radio & Podcasts", is féidir leat cliceáil ar an mír dheireanach sa liosta - "RTÉ Podcasts".
An féidir liom cuardach a dhéanamh san aip?
Faoi láthair, níl aon áis le cuardach a dhéanamh san aip. Molann muid duit dul chuig rte.ie/radio/search chun breathnú ar ábhar fuaime chatalóg iomlán RTÉ.
An féidir liom ábhar a íoslódáil chun éisteacht leis as líne?
Is féidir, tá tú in ann aon phodchraoladh bunaithe ar an gcaint a íoslódáil. Téigh isteach chuig aon sceideal podchraolta/sraithe agus tapáil ar na trí spota ar an taobh deas de sceideal eipeasóide ar bith chun an rogha 'download' a thaispeáint.
Níl cearta againn faoi láthair chun an t-ábhar ar fad a chur ar fáil chun éisteacht leis as líne.
Cén chaoi a gcasaim uathsheinn as?
Tá uathsheinn díchumasaithe de réir réamhshocraithe. Tá rogha agat uathsheinn a chumasú ionas go dtosódh sé ag seinm an stáisiúin dheireanaigh a chuir tú ar siúl nuair a lainseálann tú an aip. Chun sin a dhéanamh, oscail an roghchlár agus cliceáil ar an deilbhín socruithe (cog) sa chúinne ar barr ar dheis in aice le hainm an stáisiúin
Cliceáil ar "Autoplay on Startup" chun é a chumasú nó é a dhíchumasú.
An féidir liom rianú suímh a chasadh as san aip?
Déantar é sin trí shocruithe ar do ghaireas.
- Má tá tú ag úsáid gaireas Apple (iPhone / iPad) - beidh ort dul chuig Settings > Privacy > Location Services > Aimsigh RTÉ Radio Player agus athraigh do rogha ansin.
- Má tá tú ag úsáid gaireas Android, beidh ort dul chuig Settings > Location > RTÉ Radio Player agus athraigh do rogha ansin.
An féidir liom éisteacht le raidió beo sa chúlra nuair atá mé ag breathnú ar aipeanna eile?
Is féidir, tá tú in ann sin a dhéanamh tríd an aip a fhágáil nuair atá tú ag éisteacht leis an raidió. Ligfidh sin don aip agus don sruth raidió a bheith ar siúl sa chúlra.
Nóta - má chliceálann tú ar fhíseán nó má chuireann tú seirbhís fuaime eile ar siúl fad agus atá sin á dhéanamh agat, stopfar an sruth fuaime agus beidh gá é a thosú arís laistigh den aip.
An féidir liom athrú a dhéanamh ar an stóras chun naisc cheoil a cheannach? (iOS amháin)
Is féidir sin a dhéanamh tríd na socruithe ar do ghaireas iOS agus ní san aip.
An féidir liom ábhar laistigh den aip seo a chur ar siúl ar mo ghaireas Google/Nest?
Níl tú in ann ábhar ón aip a chur ar siúl ar ghairis eile go fóill. Más mian leat éisteacht le Stáisiúin RTÉ ar do ghaireas Google/Nest, is féidir leat triail a bhaint as na rudaí seo a leanas:
"Hey Google, play RTÉ Raidió na Gaeltachta" agus cuirfidh sé sin an stáisiún ar siúl tríd TuneIn
An féidir liom Airplay a úsáid? (iOS amháin)
Is féidir leat teacht ar Airplay ó scáileán glasáilte iPhone/iPad.
An féidir liom cláracha raidió a chur siar / a thosú arís?
Níl sé indéanta faoi láthair clár beo a chur siar ná a thosú arís.
Cén chaoi a seolaim ceisteanna chun tacú le custaiméirí nó cén chaoi a roinnim aiseolas faoin RTÉ Radio Player?
Déan teagmháil le foireann RTÉ Radio Player ar an ríomhphost radio.player@rte.ie
An féidir liom meabhrúchán a shocrú do chlár?
Níl an fheidhm sin ar fáil faoi láthair.
An féidir liom na teangacha sa roghchlár agus san aip a athrú?
Níl an fheidhm sin ar fáil faoi láthair.
Níl an aip ag obair dom. Céard iad na bealaí eile ar féidir liom éisteacht le seirbhísí Raidió RTÉ?
Téigh chuig rte.ie/keeplistening chun eolas a fháil ar na bealaí ar fad ar féidir leat teacht ar sheirbhísí Raidió RTÉ trí úsáid a bhaint as do raidió, ríomhaire, guthán, taibléad, teilifís nó callaire cliste.
Céard atá ag teastáil uaim chun teacht ar an leagan is deireanaí den aip?
- iOS (RTÉ Radio Player): iOS 12 ar a laghad
- Android (RTÉ Radio Player): Android 6.0 ar a laghad
Céard a dhéanfaidh mé mura dtugann siopa na n-aipeanna cead dom uasdátú na haipe a íoslódáil?
Ní bheidh tú in ann teacht ar uasdátú na haipe mura bhfuil do ghaireas in ann bunriachtanais an chórais a shásamh. Faoi láthair beidh tú in ann leanúint ort ag úsáid an tseanleagain den RTÉ Radio Player, ach níl muid in ann tacaíocht fhorleathan a chur ar fáil do sheanaipeanna.
Cén fáth nach bhfuil an aip ag obair ar mo ghuthán póca/táibléad?
D’fhéadfadh roinnt tosca a bheith ina gcúis leis na fadhbanna. Tá cúpla céim anseo atá molta againn chun cuidiú leat an aip a chur ag obair arís.
An bhfuil an leagan is deireanaí den aip agat? Má scriosann agus athshuiteálann tú an aip ó shiopa na n-aipeanna, níl amhras ar bith ach go bhfuil an leagan is deireanaí agat.
An bhfuil an córas oibriúcháin is déanaí ar do ghaireas? Tá Android leagan 6 agus iOS 12 ar a laghad ag teastáil uait chun an aip a íoslódáil agus a chur ar siúl ar do ghaireas. D’fhéadfadh aon ní eile atá níos sine ná sin an aip a shuiteáil ach ní bheadh tacaíocht aige.
An bhfuil VPN ar siúl agat? Cas as é sin. Seachas cásanna áirithe, tá gach sruth raidió RTÉ ar fáil le sruthú agus le héisteacht siar ar éileamh in áit ar bith ar fud an domhain.
Má tá tú in ann sin a dhéanamh, déan iarracht d’fhoinse idirlín a athrú - mar shampla: Ó WiFi sa bhaile go sonraí móibíleacha nó a mhalairt. Tabhair faoi deara go bhféadfadh balla dóiteáin a bheith i bhfeidhm ag roinnt foinsí WiFi ar iompar poiblí nó in institiúidí ar leith, cuir i gcás ospidéil, oifigí, scoileanna/coláistí, agus d’fhéadfadh an balla dóiteáin bac a chur ar thrácht ón aip Radio Player.
Déan teagmháil leis an bhfoireann tacaíochta do tháirgí ar líne ar son fhoireann RTÉ Radio Player a d’fhéadfadh a bheith in ann comhairle a thabhairt. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leo ag radio.player@rte.ie.