• Post Image

    Comhrialtas le Sinn Féin as an cheist - Micheál Martin

    Ní bheidh aon chomhrialtas idir Fianna Fáil agus Sinn Féin a deir ceannaire an pháirtí Micheál Martin.

    I mBaile Formaid inniu dúirt Micheál Martin nach bhfeiceann sé go rachadh sé i mbun cainte le Sinn Féin le clár rialtais a chur le chéile.

    Dúirt sé go bhfuil difríochtaí suntasacha idir pleananna eacnamaíochta an dá pháirtí agus gur léir sin óna bhforógraí toghcháin.

    Dearcadh láidir dá chuid an tuairim sin a dúirt sé ach "tá sé ceart agus cóir sa pholaitíocht go mbeadh daoine ar mhalairt tuairime maidir le polasaithe, agus tá sin go breá," a dúirt sé.

    "An Níl crua é an freagra sin," a fiafraíodh de, agus d'fhreagair sé "sea."