• Post Image

    Trump leis an dara seal a chaitheamh sa Teach Bán

    Cé nach bhfuil sé fógartha go hoifigiúil fós, táthar cinnte anois de go bhfuil toghchán uachtaránachta Stáit Aonaithe Mheiriceá buaite ag iarrthóir na bPoblachtach Donald Trump.

    Tá 266 de na coláistí toghcháin aige faoi lathair, le hais an 219 atá ag iarrthóir na nDaonlathaithe Kamala Harris.

    Ós 270 a theastaíonn leis an toghchán a bhuachan go hoifigiúil tá an bhearna réidh roimh Donald Trump agus níl ach an cúpla coiscéim le tabhairt aige fós.

    Mar leis na stáit chinniúnacha, thug sé leis North Carolina, Georgia agus Pennsylvania as éadan agus tá sé chun tosaigh sna cinn eile, mar atá, Arizona, Michigan, Nevada agus Wisconsin.

    Leigh níos mo