Meastar thart ar 42,000 duine san Úcráin a bheith i mbaol ón maidhm uisce atá sceite isteach orthu ó bearnaíodh damba ar Abhainn na Dnípire i ndeisceart na tíre go moch ar maidin inné.
Glactar leis gur le buamaí a polladh an damba taobh le cathair Nova Kakhovka ar bhruach thoir na Dnípire atá ina seilbh ag fórsaí Rúiseacha.
Tá na Rúisigh agus na hÚcránaigh ag cur an mhilleáin ar a chéile faoin mbuamáil, áfach.
Tá neart údramála ann le tamall faoi fhrithionsaí a bheith á bheartú ag na hÚcránaigh sa cheantar agus deirtear go mb'fhéidir gur sceitheadh an t-uisce leis an siúl a bhaint díobh.
Ar an láimh eile de, deirtear go mb'fhéidir gur iarracht a bhí ann na Rúisigh a chur ag rith deiseal agus treiseal lena n-aire a tharraingt ón bhfrithionsaí.

Is é an cás céanna é, ámh, do na céadta míle duine sa réigiún atá fágtha gan riar a riachtanais, bídís sa cheantar a bhfuil smacht ag na Rúisigh air nó sa cheantar atá ina seilbh ag fórsaí na hÚcráine.
Deir na Náisiúin Aontaithe nach bhfuil aon fhíoruisce le n-ól ann, go bhfuil soláthairtí bia millte, go bhfuil beostoc caillte agus go bhfuil na mílte duine tar éis a mbailte a thréigean ó báthadh an talamh.
Ina cheann sin, dar le gníomhaireacht nuachta sa Rúis go bhfuil seachtar ar a laghad ar iarraidh.
I gcathair Kherson, atá suite 60 ciliméadar síos an abhainn ón damba, tá saoránaigh ag maoscal tríd an uisce atá chomh hard lena nglúine – agus níos airde fós in áiteanna – agus iad ag féachaint lena n-iarmhais a shábháil.
Meastar go dtosóidh an tuile ag trá inniu, ach mairfidh a lorg go ceann i bhfad dar ndóigh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ