Sceith na milliúin lítear uisce nuair a polladh le buamaí damba ar Abhainn na Dnípire i ndeisceart na hÚcráine i gcaitheamh na hoíche.
Fágadh craosbhearna sa damba de bharr na bpléascanna agus tuairiscítear réimse mór tíre sa réigiún a bheith báite ag an maidhm mhór uisce agus a mbailte a bheith tréigthe ag na mílte duine.
Tá an damba suite i gceantar atá ina seilbh ag fórsaí na Rúise, suas an abhainn ó chathair Kherson atá ina seilbh ag na hÚcránaigh.
Is sa réigiún sin atá cuid den chogaíocht is déine ar siúl ó rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin cúig mhí dhéag ó shin.
Is cuid de stáisiún hidrileictreach é an damba atá 30 méadar ar airde agus 3.2 ciliméadar ar a fhad.
Cuirtear uisce ó thaiscumar an damba ar fáil don Chrimé atá ina seilbh ag na Rúisigh ó rinne siad ionradh ar an réigiún sin in 2014, ach ar chuid den Úcráin í roimhe sin.
Cuirtear uisce ón taiscumar freisin chuig stáisiún núicléach Zaporizhzhia lena fhuarú.
Is ionad fíorthábhachtach cumhachta é stáisiún Zaporizhzhia atá ina seilbh ag na Rúisigh le breis agus bliain.

Scéal a d'inis fiach agus a shéan feannóg atá ann ó tá na Rúisigh agus na hÚcránaigh ag cur an mhilleáin ar a chéile faoin damba a pholladh.
Níl sé soiléir, ámh, cén aidhm a bhí leis an ionsaí ná cé acu is mó a bhainfeadh tairbhe as.
Cibé acu is ciontaí leis, dealraítear go bhfuil baint an ionsaí leis an bhfrithionsaí mór a deirtear atá na hUcránaigh a bheartú a dhéanamh ar na Rúisigh sa réigiún.
D'fhéadfadh sé gur réamhbhuille dásachtach de chuid na nÚcránach a bhí ann, é sin nó réamhbhuille cosanta de chuid na Rúiseach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ