Cuireadh an Pápa Emeritus Beinidict XVI i measc Ulacha na bPápaí i mBaisleac Pheadair sa Vatacáin inniu.
Bhí na mílte duine a tháinig as gach cearn den domhan i láthair ag Aifreann Éagnairce an Phápa Beinidict - Joseph Ratzinger, mar a baisteadh é - i gCearnóg Pheadair ar maidin.
Is é a chomharba an Pápa Proinsias II a léigh an tAifreann agus cónra lom cufróige Bheinidict os a chomhair amach.
Ina aitheasc, dúirt an Pápa Proinsias gur cara dílis Chríost a bhí i mBeinidict "a bhronn gaois, búíocht agus caoindúthracht orainn i gcaitheamh na mblianta".
"Go gcloise tú A Ghlór [Críost] anois agus go deo!" a ghuigh Proinsias ar a réamhtheachtaí.
"A Athair, taobhaím mo spiorad i leith do lámh", arsa Proinsias thar ceann Bheinidict agus rá deiridh Íosa ar an gCroich de réir Lúcáis mar athfhriotal aige.
Bhí 124 cairdinéal, 200 easpag agus 3,700 sagart páirteach sa searmanas chomh maith.
Is í Mary Maguire as Leitir Ceanainn, Co Dún na nGall, a léigh an Dara Léacht ag Aifreann Éagnairce.
Tar éis an Aifrinn, tugadh an chónra isteach sa Bhaisleac, mar ar cuireadh cás since uirthi sular cuireadh i gcónra eile fós í.
Ní ócáid shollúnta amháin a bhí ann, áfach. Bhí dianslándáil i bhfeidhm thart ar an Vatacáin agus bhí barr ar 1,000 póilín ar dualgas san áit le linn an Aifrinn.
Bhásaigh an Pápa Emeritus Beinidict Dé Sathairn seo caite i mainistir Mater Ecclesiae sa Vatacáin, áit a raibh cónaí air le deich mbliana. Bhí sé 95 bliain d'aois.
Bhí sé ina Phápa idir 2005 agus 2013, tráth a d'éirigh sé as gan choinne ar chúinsí sláinte.
Níl an Pápa Proinsias é féin i mbarr a shláinte agus tugadh os comhair an tslua ag an Aifreann inniu é i gcathaoir rothaí.
Choinnigh sé é féin ina sheasamh ar feadh scaithimh le maide croise.
Thug Proinsisas le tuiscint an samhradh seo caite go mb'fhéidir go n-éireodh sé féin as mura mbeadh sé in araíocht a chuid dualgas a chomhall feasta.