Bean as Co Dhún na nGall a léigh an Dara Léacht ag Aifreann Éagnairce an Phápa Emeritus Beinidict XVI sa Vatacáin ar maidin inniu.

Léigh Mary Maguire as Leitir Ceanainn sliocht as Céad Litir Naomh Peadar ag an Aifreann i gCearnóg Pheadair.

Tráchtar sa sliocht ar aiséirí Íosa Críost agus ar an slánú "atá réidh lena fhoilsiú ag deireadh ré".

Deir an tAspal sa litir gur "údar lúcháire agaibhse é seo, fiú más dobrónach féin sibh ar feadh tamaill bhig de bharr trialacha den uile chineál".

Deir sé leis go bhfuil an creideamh "níos luachmhaire ná ór - rud atá somhillte cé go dtástáiltear sa tine é".

Tuigtear gur hiarradh ar Mary Maguire an Dara Léacht a léamh mar gheall ar an obair thréadach a dhéanann sí i bParóiste Caidrealta Leitir Ceanainn, suíomh Ardeaglais Naomh Adhamhnán agus ar cuid d'Fhairche Ráth Bhoth é.

Ina cheann sin, chaith Riarthóir Caidealtra Fhairche Ráth Bhoth an Moinsíneoir Kevin Gillespie, chaith sé seal ag obair do Dhiacaistir na Cléire sa Suí Naofa agus ina Reachtaire pearsanta ag an bPápa Beinidict ag an am céanna.

Tá eaglaiseach eile as Leitir Ceanainn, an tAthair Eamonn McLaughlin, ag obair do Dhiacaistir na Cléire faoi láthair.

Foras atá freagrach as cúraimí sagart agus déagánach nach bhfuil bainteach le hoird rialta is ea Diacaistir na Cléire.

Tá aithne mhaith ar Mary Maguire as an obair a dhéanann sí ar son Chumann Naomh Uinseann de Pól i Leitir Ceanainn.

Cuid den slua ag Aifreann na sochraide i gCearnóg Pheadair

Ag labhairt di le RTÉ i ndiaidh an Aifrinn, dúirt Mary Maguire gur mhór an onóir di an léacht a léamh agus gur "chuir sé gliondar ar a croí siúd is gur ócáid bhrónach a bhí ann."

Tháinig an cuireadh aniar aduaidh uirthi, arsa sí, agus cé go raibh drogall uirthi ar an gcéad dul síos, chuir a teaghlach ina luí gaidhte uirthi glacadh leis.