Tuairisíctear fórsaí Rúiseacha a bheith ag díotáil leo in oirthear na hÚcráine agus dúil acu anois seilbh a ghabháil ar chathair Lysychansk tar éis dóibh an chathair chomharsanachta Severodonetsk a shealbú go hiomlán ar fhórsaí Úcránacha arú inné.
Is í Lysychansk daingean deireanach na nÚcránach i réigiun Luhansk, agus tuairiscítear nach bhfuil na Rúisigh ag tarraingt na gcos agus go bhfuil siad ag déanamh ionsaí cúigbheannach ar an gcathair cheana féin le súil compal a dhéanamh uirthi.
Deir na hÚcránaigh go bhfuil ag éirí leo faoi láthair na Rúisigh a choinneáil amach ó dheisceart na cathrach ach tuairisicítear chomh maith go bhfuil gairm curtha ag na Rúisigh ar a gcuid scairdeitleán cogaidh le hionaid chosanta na nÚcránach a dhíothú ón aer.
Mar le Severodonetsk de, tá sé á mhaíomh ag dílseoirí Rúiseacha go bhfuil barr ar 250 duine, leanaí ina measc, tugtha amach acu as an ollmonarcha ceimiceán sa chathair a raibh na céadta sibhialtach ar foscadh inti le linn an chomhraic.
Thug urlabhraí ó Rialtas na hÚcráine le fios chomh maith gur scaoil na Rúisigh diúracáin le cathair Cherkasy i lár na tíre agus gur bhuail cuid acu droichead tábhachtach a nascann an t-iarthar leis an oirthear.
Dúirt an t-urlabhraí gur léir gur mian leis na Rúisigh gach uile chonstaic a chur sa bhealach ar na hÚcránaigh airm agus armlón a sheoladh chuig a gcuid saighdiúirí san oirthear.
Tuairiscítear gur scaoileadh diúracáin freisin le cathair Odesa i ndeisceart na hÚcráine agus gur gortaíodh seisear sibhialtach, leanbh ina measc, nuair a a bhuail cuid acu áiteanna cónaithe.
D'iarr Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky arís eile inné ar thíortha an Iarthair dlús a chur le córais chosanta aeir a sholáthair d'Arm na hÚcráine agus a chruthú gur comhpháirtithe iad seachas iománaithe ar an gclaí.