Tá fórsaí Úcránacha ag seasamh an fhóid i gcathair Severodonetsk i réigiún an Donbass in oirthear na hÚcráine, dar le hUachtarán na tíre Volodymyr Zelensky.
Tá sé tugtha le fios cheana ag an Uachtarán Zelensky gur dóichí go bhfuil cinniúint an Donbass trí chéile ag brath ar a dtitfidh amach i Severodonetsk - ar cathair thábhachtach thionsclaíochta í - agus sa chathair chomharsanachta Lysychansk.
Tuairiscítear an chogaíocht a bheith chomh fíochmhar sin agus an chathair a bheith ina foghail faoin tráth seo go bhfuil na céilí comhraic ag troid béal ar bhéal agus ag scuchadh a chéile ar na sráideanna, más fíor.
Mhaígh Volodymyr Zelensky freisin go bhfuil saighdiúirí Úcránacha ag cur a gcos i dtaca in áiteanna eile in oirthear na tíre, go háirithe i gceantair Zaporizhzhia agus Kharkiv.
Os a choinne sin, thug Aire Cosanta na hÚcráine Oleksiy Reznikov le fios go bhfuil suas le 100 saighdiúir Úcránach á marú - agus na céadta eile á ndonú - i mbrollach an chatha gach uile lá.

D'iarr an tUachtarán Zelensky chomh maith an Rúis a dhíbirt ó Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe i bhfianaise an ghanntanais bhia ar fud an domhain arb é ionradh na Rúise ar an Úcráin is siocair leis, mar a dúirt sé.
Ní féidir faoi láthair grán ná táirgí eile bia a sheoladh as calafoirt na Mara Duibhe i ndeisceart na hÚcráine de bhíthin an imshuí atá curtha i bhfeidhm ansin ag na Rúisigh.
Tá Mariupol - atá nach mór lomscriosta - ar cheann de na calafoirt sin agus tá imní ar an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go mbeidh ráig chalair sa chathair go gairid de bharr easpa fíoruisce agus chomh holc agus atá cúrsaí sláinteachais trí chéile ansin.