Agus fórsaí Rúiseacha ag réabadh chun cinn in oirthear na hÚcráine tá geallta ag Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden céad scoth na hairtléire a chur ar fáil d'Arm na hUcráine i riocht agus gur féidir leo na Rúisigh a bhrú soir arís.
Beidh roicéid ardluaineachta agus fadraoin i measc an armlóin a sheolfas na Meiriceánaigh chun na hÚcráine.
Bhí na roicéid seo á gcoinneáil siar ag na Meiriceánaigh go dtí seo ainneoin go raibh na hÚcránaigh á n-éileamh ó thús an chogaidh.
In alt a scríobh sé do nuachtán an New York Times inniu, thug Joe Biden le fios go bhfuil dhá aidhm leis na roicéid is sofaisticiúla agus airm eile a chur chun na hÚcráine.
Ní hé amháin go gcumasófar na hÚcránaigh tuilleadh ionas gur féidir leo na Rúisigh a chur dá gcois, a dúirt sé, ach is amhlaidh freisin nach mbeidh na hÚcránaigh faoi dhrámh sa mhargáil a mbeidh iachall ar an dá thaobh a dhéanamh, dar leis, san am atá le teacht.

Dúirt Leas-Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise Sergei Ryabkov, áfach, gur cor fíordhiúltach sa scéal is ea cinneadh seo na Meiriceánach agus chuir sé ina leith go bhfuil an lasair curtha sa bharrach acu.
Ba ghaire fós coimhlint dhíreach idir na Rúisigh agus na Meiricéanaigh, a mhaígh sé, dá gcuirfí na roicéid seo ar fáil don Úcráin.
Ar a shon sin, dúirt urlabhraí ó Rialtas Mheiriceá nach mbainfear fónamh as na roicéid ach san Úcráin amháin agus nach scaoilfear iad le háiteanna sa Rúis.
Go gairid tar éis do na Meiriceánaigh scéal na roicéad a fhógairt, thug na Rúisigh le fios go raibh tús curtha acu féin le hinlíochtaí núicléacha in Oblast Ivanovo soir ó thuaidh ó Mhoscó.
Mar leis an gcogadh de, tuairiscítear go bhfuil bunáite chathair Severodonetsk i réigiún an Donbass ina seilbh ag na Rúisigh anois agus go bhfuil an áit lomscriosta creachta acu.
Mar bharr ar an donas, is cosúil nach féidir soláthairtí fóirithinte a thabhairt isteach san áit mar gheall ar chomh fíochmhar agus atá an chogaíocht sa cheantar.
Áirítear thart ar 12,000 sibhialtach a bheith sa bhearna bhaoil sa chathair i gcónaí gan riar a riachtanais acu.