skip to main content

An Úcráin: "400 ospidéal curtha ó mhaith ó thús an chogaidh"

Forneart ar cheart: ospidéal Makariv in aice le Cív curtha ó mhaith de bharr ionsaithe airtléire, 30 Aibreán 2022
Forneart ar cheart: ospidéal Makariv in aice le Cív curtha ó mhaith de bharr ionsaithe airtléire, 30 Aibreán 2022

Tá 400 ospidéal agus ionad leighis san Úcráin scriosta nó fágtha ar bheagán acmhainne ó rinne Arm na Rúise ionradh ar an tír deich seachtaine ó shin, dar le hUachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky.

Tá sé ag dul rite le dochtúirí in a lán áiteanna i ndeisceart agus in oirthear na tíre an chóireáil cheart a chur ar othair a bhfuil galair thromchúiseacha orthu de cheal cógas leighis, a dúirt sé.

Léithéidí máithreacha agus a leanaí nuabheirthe atá thíos leis, ar sé, chomh maith le daoine a bhfuil ailse orthu nó diaibéiteas.

Mar sholaoid ar chomh holc agus atá cúrsaí, thug an tUachtarán Zelensky le fios nach bhfuil dochtúirí in ann obráidí a chur ar dhaoine in áiteanna mar gheall nach nach bhfuil fáil acu ar antaibheathaigh bhunúsacha, fiú.

Tuairiscítear go ndearna fórsaí Rúiseacha ionsaithe airtléire ar bhaile Kramatorsk in oirthear na hÚcráine inné nó aréir agus gur gortaíodh 25 duine dá mbarr. Maraíodh os cionn leathchéad duine nuair a buamáladh stáisiún traenach an bhaile sin an mhí seo caite.

Kramatorsk, Oirthear na hÚcráine, 5 Bealtaine 2022

Tá súil tuilleadh daoine a thabhairt amach as ollmhonarcha Azovstal i gcathair Mariupol inniu. Tuigtear go bhfuil os cionn 200 sibhialtach sáinnithe i gcónaí san áit atá fáinnithe ag na Rúisigh.

Gheall Uachtarán na Rúise Vladimir Putin go ligfí an scoir leo ach dúirt nár mhór do na trodaithe atá sa mhonarcha a gcuid arm a chur de láimh.

Mar le smachtbhannaí de, tá an rún cosc a chur san Aontas Eorpach ar ola a cheannach ón Rúis cáinte ag Príomh-Aire na hUngáire Viktor Orban.

Dúirt sé nach raibh aon ghlacadh aige leis an moladh seo a rinne Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen arú inné.

Tá an Ungáir ar cheann de na ballstáit atá taobh le hola ón Rúis agus chuir Viktor Orban i leith Ursula von der Leyen go raibh an bonn bainte aici de chur le chéile an Aontais Eorpaigh.