Tá sé geallta ag fórsaí Rúiseacha nach ndéanfaidh siad aon ionsaí ar ollmhonarcha cruach Azovstal i gcathair Mariupol in oirdheisceart na hÚcráine as seo go ceann trí lá le deis a thabhairt do shibhialtaigh imeacht as an áit.
Tá an chuid is mó den chathair faoina smacht ag na Rúisigh le coicís ach tá trodaithe Úcránacha fós ag cur ina n-éadan óna mbunáit faoi thalamh sa mhonarcha cruach. Tá sé ráite ag na hÚcránaigh go minic go bhfuil siad mionnaithe gan a ngeall a ligean don namhaid.
Chuaigh sibhialtaigh ar foscadh sa mhonarcha nuair a rinne na Rúisigh léigear ar an gcathair i dtús an Mhárta. Tá na céadta acu imithe as an áit ó shin ach áirítear 200 eile a bheith teanntaithe inti i gcónaí.
Thug Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky le fios nár mhór sos comhraic a bheith i bhfeidhm agus nár mhór cloí leis sula bhféadfaí daoine a thabhairt as íoslach na monarchan mar go gcaithfear an smionagar a ghlanadh as an mbealach le dul chomh fada leo.
Mar bharr ar an donas, a dúirt sé, níl aon deis trealamh trom a chur chuig an láthair agus caithfear an obair a dhéanamh le láimh.
Níl aon chaint ar shos comhraic i mbaill eile den Úcráin, áfach.

I réigiún an Donbass in oirthear na hÚcráine is fuiltí atá cúrsaí. Tá leath an réigiúin i seilbh fórsaí armtha atá dílis don Rúis ón mbliain 2014 agus níl siadsan ná Arm na Rúise ag déanamh aon fhaillí gan an buntáiste sin a chur abhaile ar na hÚcránaigh.
Tá na Rúisigh ag tabhairt radadh do bhailte móra in oirthuaisceart na hÚcráine chomh maith. Tuairiscítear gur maraíodh duine amháin agus gur gortaíodh buachaill aon bhliain déag de bharr ionsaí airtléire ar chathair Kharkiv.
Táthar imníoch freisin faoina bhfuil ar intinn ag na Rúisigh maidir le poblacht bheag chnocach na Moldóive idir an Úcráin agus an Rómáin.
Tá saighdiúrí Rúiseacha lonnaithe le fada i réigiún na Tras-dnístria, stáitín neamhoifigiúil ar theorainn thiar na hÚcráine a scar go haontaobhach ón Moldóiv i 1990, agus breathnaíonn Rialtas na hÚcráine air mar bhior sa bheo.
Thug Uachtarán na Comhairle Eorpaí Charles Michel cuairt ar an Moldóiv inné agus gheall sé go gcuirfeadh an tAontas Eorpach tacaíocht mhíleata ar fáil don tír.