skip to main content

Donáin Mariupol suaite go mór ag an bhforneart agus an díth

Tormas ar mhacán bocht as Mariupol in ionad dídine i Zaporizhzhia, 3 Bealtaine 2022
Tormas ar mhacán bocht as Mariupol in ionad dídine i Zaporizhzhia, 3 Bealtaine 2022

Tuairiscítear roicéid a bheith á scaoileadh uathu arís ag fórsaí Rúiseacha leis an ollmhonarcha cruach i gcathair Mariupol in oirdheisceart na hÚcráine, mar a bhfuil trodaithe Úcránacha ag seasamh an fhóid gan lá rúin acu feacadh don namhaid.

Tugadh na scórtha sibhialtach a bhí ina gcónaí sa mhonarcha amach as an áit idir shlán agus easlán inné.

Go cathair Zaporizhzhia, 230 ciliméadar siar ó thuaidh ó Mariupol, a tugadh iad faoi choimirce na Náisiún Aontaithe agus Chumann na Croise Deirge.

Dúirt urlabhraí ó Chumann na Croise Deirge gur cúig lá a ghlac sé ar lucht fóirithinte na hainniseoirí a thabhairt amach de bhrí gurbh iomaí bealach gabhlánach agus dris chosáin a bhí rompu.

Thug an t-urlabhraí le fios go raibh na dídeanaithe suaite go mór de bharr ar fhulaing siad agus iad ar foscadh ó ionsaithe Arm na Rúise.

Dianchúram meabhairshláinte i dteannta an ghnáthchúraim leighis a bheas uathu go ceann scaithimh, arsa sé.

Drochthuar - ach ní tuar gan choinne - is ea an scéala go bhfuil Arm na Bealarúise i mbun cleachtaí míleata ar an teorainn leis an Úcráin inniu.

Comhghuaillí dílís leis an Rúis is ea an Bhealarúis agus go deimhin is as an tír sin a thug cathláin Rúiseacha ruathar isteach faoi thuaisceart na hÚcráine i dtús an chogaidh.

Mhaígh Rialtas na Bealarúise nach ag cur bagairt ar aon tír eile atá siad ach tá faitíos ar na hÚcránaigh nach as maoil a gconláin féin a chuaigh siad i mbun na gcleachtaí milteata ar an teorainn.

Ospidéal le hArm na hÚcráine, Kramatorsk, Oirthear na hÚcráine

Tuairiscítear go ndearna na Rúisigh ionsaithe airtléire ar áiteanna in iarthar na hÚcráine i gcaitheamh na hoíche.

Bhain damáiste do líonraí leictreachais agus uisce i Lviv dá mbarr, a dúirt méara na cathrach, agus leagadh sé stáisiún traenach in iarthar agus lár na tíre.

Is ar mhuintir oirthear na hÚcráine atá an drámh i gcónaí, áfach, mar is ann atá an bhrúidiúlacht is fuiltí agus oilbhéas nár aithrisíodh fós.

Deirtear gur maraíodh 21 sibhialtach agus gur gortaíodh 27 eile i limistéar Donetsk inné.

Tuairiscítear freisin go bhfuil muintir bhaile Popasna in Oblast Luhansk teanntaithe ansin cheal caoi teite.