skip to main content

Rúisigh ag dul chun cinn le habhóga beaga in oirthear na hÚcráine

Daoine ag teitheadh as cathair Lyman in oirthear na hÚcráine ar bhus piléardhíonta, 2 Bealtaine 2022
Daoine ag teitheadh as cathair Lyman in oirthear na hÚcráine ar bhus piléardhíonta, 2 Bealtaine 2022

Tuairiscítear go bhfuil tuilleadh sráidbhailte in oirthear na hÚcráine faoina smacht anois ag fórsaí Rúiseacha agus iad ag dul chun cinn le habhóga beaga ann.

Níl aon rún ag na hÚcranaigh seilbh a ligean leis na Rúisigh ar na geadáin sin, ámh, agus tuairiscítear sráidbhailte eile a bheith athghafa acu le roinnt laethanta.

Ina measc, a deirtear, tá sráidbhaile Ruska Lozova ó thuaidh de chathair Kharkiv, a raibh greim ag na Rúisigh air ó thús na cogaíochta dhá mhí ó shin.

Tá sé á mhaíomh ag Rialtas na Stát Aontaithe go bhfuil sé ar intinn ag na Rúisigh limistéir Luhansk agus Donetsk a tháthú go foirmiúil leis an Rúis gan mhoill.

Tá na limistéir sin faoina smacht ón mbliain 2014 ag fórsaí áitiúla atá dílis don Rúis.

Dar leis na Meiriceánaigh go bhfuil sé i gceist ag na Rúisigh reifrinn mar dhúmas de a reáchtáil sa dá áit as seo go ceann cúpla seachtain.

Ionad dídine i gcathair Kryvyi Rih i lár na hÚcráine, áit dhúchais an Uachtaráin Volodymyr Zelensky, 2 Bealtaine 2022

Ina cheann sin, tá na Meiriceánaigh den bharúil go mb'fhéidir go reáchtáilfeadh na Rúisigh reifreann eile i gcathair Kherson i ndeisceart na hÚcráine.

Is calafort tábhachtach ar an Muir Dhubh agus ar abhainn na Dnípire í Kherson a bhfuil greim ag Arm na Rúise uirthi ó thús an Mhárta.

Níl aon bhóthar réidh idir Kherson agus calafort tábhachtach eile, Odesa, ach ní mórán muirmhílte atá eatarthu.

Go deimhin, tuairiscítear na Rúisigh a bheith ag scaoileadh airtléire go tráthrialta le Odesa óna longa cogaidh ar an Muir Dhubh.

Deir na húdaráis sa chathair gur maraíodh buachaill cúig bliana déag agus gur gortaíodh cailín nuair a bhuail roicéad áras cóntaithe ansin.

Tá súil go dtabharfar tuilleadh sibhialtach amach as cathair Mariupol in oirdheisceart na hÚcráine inniu, áit a bhfuil fórsaí áitiúla ag seasamh an fhóid in aghaidh Arm na Rúise le nach mór dhá mhí.

B'fhéidir gur súil amú í ó tuairiscítear go bhfuil fórsaí Rúiseacha ag scaoileadh uathu tuilleadh roicéad le hollmhonarcha cruach Azovstal sa chathair, mar a bhfuil na céadta sibhialtach ar foscadh.

Tá dramhaltach déanta den chathair ag na Rúisigh ach sonas a bheas sa donas óna dtaobh siúd de i ndeireadh na scríbe ós mol fíorthábhachtach idir an Chrimé agus an Donbass í Mariupol.