Tá foláireamh tugtha ag an Rúis go bhfuil baol fíre ann go mbeidh sé ina Thríú Cogadh Mór ar domhan má leanann tíortha an Iarthair orthu ag seoladh arm agus armlóin chun na hÚcráine.
Is é Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise Sergei Lavrov a reic agus a thuar an cor cinniúnach seo agus é ag labhairt leis na meáin chumarsáide ina thír dhúchais.
Tá Uachtrán na hÚcráine Volodymyr Zelensky ag sireadh arm agus gach chuile chineál trealaimh mhíleata ar rialtais an Iarthair ó rinne an Rúis ionradh ar an tír ar an 24 Feabhra.
Creideann sé go bhféadfadh saighdiúirí na hÚcráine na Rúisigh a chur dá gcois ach iad a chumasú chuige sin le hairtléire throm agus scairdeitleáin chogaidh.
Tá airm ag teacht isteach san Úcráin ón Iarthar go fras agus go pras faoi láthair. Go deimhin, ar mhuin a bhfuil ann cheana, gheall Rúnaí Stáit agus Rúnaí Cosanta Mheiriceá, Antony Blinken agus Lloyd Austin, luach $700 milliún breise de chúnamh míleata a chur ar fáil don Úcráin tar éis don dís fhear sciuird a thabhairt ar phríomhchathair na tíre Cív an deireadh seachtaine seo caite.
Tiocfaidh ionadaithe ó thíortha Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) le chéile ag comhdháil sa Ghearmáin inniu leis an scéal a chíoradh tuilleadh. Beidh ionadaithe ón tSulainn, ón bhFionlainn, ón Astráil agus ón tSeapáin rannpháirteach sa chomhdháil freisin
De réir áisíneacht nuachta sa Rúis, pléifidh Uachtarán na Rúise Vladimir Putin an cogadh le hUachtarán na Tuirce Recep Tayyip Erdogan inniu chomh maith.

Mar leis an ngéarchéim dhaonnachta de, tuairiscíodh inné gur maraíodh cúigear agus gur donaíodh ocht nduine dhéag nuair a scaoil fórsaí Rúiseacha roicéid le bonneagar iarnróid in Oblast Vinnytsia i lár na hÚcráine.
Tá cathair Kharkiv i gcianoirthear na hÚcráine - ar an teorainn leis an Rúis - faoi léigear nach mór ag na Ruisigh.
San oirdheisceart, tuairiscítear gur thug na Rúisigh iarracht ar bhearna a dhéanamh i línte cosanta na nÚcránach agus fogha a thabhairt faoi chathair Zaporizhzhia ach nach ndeachaigh leo.
Soir ó dheas ó Zaporizhzhia atá Mariupol, mar a bhfuil idir shibhialtaigh agus throdaithe faoin bhfothain in ollmhonarcha cruach Azovstal i gcónaí.
Dealraíonn sé, mar sin, gurbh fhearr leis na Rúisigh cor máguaird a thabhairt agus aghaidh a thabhairt siar ó thuaidh ar Zaporizhzhia i leaba ionsaí a dhéanamh ar an monarcha, go fóill ar aon chor.
Siúd is go bhfuil neart cainte ar shibhialtaigh a ligean le scoir ón monarcha, níl aon chosúlacht air go gcuirfear beart de réir ráite béil i gcion go gairid.
Ar an taobh eile den chlaí críche, tá sé curtha i leith na nÚcránach ag na Rúisigh go ndearna siad ionsaithe roicéad ar shráidbhaile sa Rúis inné agus gur gortaíodh beirt shibhialtach dá mbíthin, gan trácht ar an damáiste a rinneadh do thithe cónaithe.