Tá fógra eile - an fógra deiridh, más fíor - tugtha ag Arm na Rúise d'fhórsaí Úcránacha atá ag cothú an chatha i gcónaí i gcathair Mariupol in oirdheisceart na hÚcráine breith ar an bhfaill agus géilleadh don namhaid.
Ní mór do "chathláin náisiúnaíocha agus amhais choimhthíocha" i Mariupol a gcuid arm a chur de láimh agus stríocadh dá gcéilí comhraic faoina 2 a chlog tráthnóna (meán lae am na hÉireann), a dúradh i ráiteas a d'eisigh Roinn Cosanta na Rúise.
Mórmhonarcha cruach Azovstal an dún daingean deireanach atá ag na hÚcránaigh sa chathair.
Tá idir lucht armtha agus shibhialtaigh - na céadta acu - i bhfolach i dtolláin agus in uaimheanna sa mhonarcha agus tuairiscítear go bhfuil na saighdiúirí gafa i muinín na treallchogaíochta leis an áit a chosaint.
Tuairiscítear freisin, áfach, go bhfuil na tolláin á mbearnú ag diúracáin na Rúiseach.
Ina ainneoin sin, tá sé ráite go neamhbhalbh ag na hÚcránaigh nach n-umhlóidh siad do thoil na Rúiseach go brách.
Mar sin féin, agus cé nach mór an sólás é, de réir tuairisce a craoladh ar theilifís stáit na Rúise, ceadaíodh do 120 sibhialtach a bhí ina gcónaí in aice na monarchan imeacht as an gcathair ach níor dúradh cén uair.

Mar leis an gcogaíocht i mbaill eile den Úcráin de, dar le lucht faisnéise na Breataine go bhfuil Arm na Rúise mionnaithe faoi láthair - thar aon ní eile - an ruaig a chur ar fhórsaí Úcránacha i réigiún an Donbass in oirthear na tíre.
Deir siad go bhfuil na Rúisigh ag féachaint le tine ghealáin a choinneáil leis na hÚcránaigh agus iad a bhuaireamh in áiteanna eile chomh maith trí bhíthin ionsaithe airtléire ar bhailte móra ar fud na tíre.
Tá tíortha an Iarthair urghníomhach i gcónaí leis agus rún ag an mBreatain, na Stáit Aontaithe agus Ceanada tuilleadh arm agus armlóin a sholáthar do na hÚcránaigh.
Tuigtear go bhfógróidh Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden as seo go ceann cúpla lá go gcuirfidh na Meiriceánaigh luach $800 milliún breise de chúnamh míleata ar fáil don Úcráin gan mhoill.

D'iarr Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres sos comhraic daonnachta ceithre lá a chur i bhfeidhm an deireadh seachtaine seo le go mbeadh deis ag Críostaithe Ceartchreidmheacha an Cháisc a cheiliúradh, le caoi teite a thabhairt do shibhialtaigh agus le cead isteach in áiteanna atá faoi léigear a thabhairt do lucht fortachta.