skip to main content

An Úcráin: daoine in áiteanna faoi léigear fós gan fuascailt

Yasinovataya, Donetsk, oirthear na hÚcráine
Yasinovataya, Donetsk, oirthear na hÚcráine

Tuairiscítear gur chlis ar ionadaithe na hÚcráine agus na Rúise teacht ar shocrú faoi shibhialtaigh a thabhairt amach as na réigiúin is mó san Úcráin atá á mbánú ag an gcogaíocht.

Imní faoi chúrsaí slándála sna háiteannna sin is cúis leis an easpa dul chun cinn, dar le Leas-Phríomhaire na hÚcráine Iryna Vereshchuk.

Cé gur ag díriú go príomha ar réigiún an Donbass i bhfíoroirthear na hÚcráine atá cos-slua na Rúiseach faoi láthair, suaimhneas ní dual don phobal in aon bhall den tír a cheapadh agus aonaid airtléire Arm na Rúise ag scaoileadh diúracán fadraoin le ceantair eile, an phríomhchathair Cív ina measc.

Cuimsíonn an Donbass limistéir Donetsk agus Luhansk, dhá áit atá faoina smacht ón mbliain 2014 ag fórsaí atá dílis don Rúis.

Tuairiscítear seachtar a bheith maraithe agus aon duine dhéag a bheith gortaithe mar gheall ar ionsaí diúracán ar limistéar Lviv in iarthar na hÚcráine ar maidin. Cúig dhiúracán a scaoileadh leis an áit, a deirtear.

Tá sé á thuairisciú freisin gur maraíodh beirt de bharr ionsaí roicéad in Oblast Dnipropetrovsk in oirthear na tíre.

Foirgnimh scriosta ag ionsaithe roicéad ar Lviv, 18 Aibreán 2022

Dar le háisíneacht nuachta na Rúise, barr ar 300 diúracán a scaoil fórsaí Rúiseacha le spriocanna éagsúla san Úcráin i gcaitheamh na hoíche.

Ar a dhroim sin ar fad, dar le hUachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky gur maraíodh ocht nduine dhéag agus gur donaíodh os cionn 100 de bharr ionsaithe roicéad a rinne na Rúisigh ar chathair Kharkiv in oirthuaisceart na tíre le ceithre lá.

Mar le cathair Mariupol in oirdheisceart na tíre de, dealraíonn sé go bhfuil saighdiúirí Úcránacha ag cur cos i dteannta i gcónaí ainneoin thromionsaí na Rúiseach ar an áit.

Dúirt Príomh-Aire na hÚcráine Denys Shmyhal nach ngéillfidh cosantóirí na cathrach don namhaid go brách agus nach loicfidh siad nó go gcinnfidh sé orthu na hionróirí a ruaigeadh.

Mhaígh sé chomh maith nach bhfuil ach cathair amháin san Úcráin ina seilbh ag na Rúisigh, mar atá, Kherson i ndeisceart na tíre.

Ina cheann sin, a dúirt Denys Shmyhal, tá os cionn 900 baile agus cathair a bhí gafa ag na Rúisigh athghafa ag fórsaí Úcránacha.

Damhna mór scíse ainriocht Mariupol, áfach, dar le Clár Bia na Náisiún Aontaithe, agus os cionn 100,000 duine sa chathair faoi bhráca an ocrais.