skip to main content

An chéad scoth de na hairm geallta don Úcráin

Saighdiúir Úcránach le teilgeoir roicéad fritancanna, Kharkiv
Saighdiúir Úcránach le teilgeoir roicéad fritancanna, Kharkiv

Ag cruinniú sa Bhruiséil inniu, chinn ballstáit Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) tuilleadh arm a chur ar fáil don Úcráin le cuidiú leo cath a bhriseadh ar fhórsaí Rúiseacha sa tír.

Thug Ard-Rúnaí ECAT Jens Stoltenberg le fios gur cineálacha éagsúla arm a sholáthrófar do na hÚcránaigh, idir an cineál is nua-aimseartha agus is sofaisticiúla agus airm ó ré na Sóivéadach.

Ní raibh Jens Stoltenberg sásta, áfach, cuntas a thabhairt ar shonraíochtaí na n-arm ná an trealaimh mhíleata atá le seoladh chun na hÚcráine.

Roimh an gcruinniu, bhí iarrtha ag Aire Cosanta na hÚcráine Dmytro Kuleba ar ECAT airm a sheachadadh go pras, sula mbeadh ionú ag na Rúisigh atheagar a chur orthu féin.

Sliogáin do thancanna Puma ECAT

An chlimirt atá ó na hÚcránaigh leis an bhfaill a dhéanamh dóibh féin, a deir siad, leis na Rúisigh a chloí a luaithe a thig leo.

Is liosta lena áireamh a bhfuil á éileamh acu, mar atá, airm throma, airtléire, feithiclí armúrtha, scairdeitleáin agus córais chosanta talaimh, mara agus aeir.

Ceistíodh Dmytro Kuleba faoi fhíseán a foilsíodh ar na meáin shóisialta de shaighdiúir Rúiseach á mharú ag saighdiúirí Úcránacha.

D'fhreagair sé go mb'fhéidir go dtarlaíonn rudaí den sórt sin corruair ach, ar sé, cloíonn Arm na hÚcráine [tríd is tríd] le rialacha na cogaíochta.

Mar sin féin, mhaígh sé go bhfiosrófaí aon tuairisc faoi na rialacha sin a bheith sáraithe ag saighdiúirí Úcránacha.

Severodonetsk, Donbass, 6 Aibreán 2022

Níos túisce inniu, mhol tíortha saibhre an G7 an Rúis a dhíbirt as Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine as los na gcoireanna gráiniúla atá déanta acu san Úcráin.

Caitheadh vóta ar an gceist i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe tráthnóna agus ritheadh an rún.

Tá sé séanta ag na Rúisigh, áfach, gur bhásaigh siad sibhialtaigh agus maíonn siad gur íomhánna bréige atá sna pictiúr de chorpáin i mbaile Bucha in aice le Cív.

Tá sé á thuairisciú tráthnóna ag nuachtóirí an BBC san Úcráin go bhfuil fianaise acusan gur chuir saighdiúirí na Rúise sibhialtaigh sa bhearna bhaoil i sráidbhaile Obukhovychi siar ó thuaidh ó Chív an mhí seo caite.

Tuairiscítear gur choinnigh na Rúisigh na sráideánaigh ina ngialla i scoil a bhí ina bunáit ag na Rúisigh fad is a bhí saighdiúirí Úcránacha ag déanamh orthu aniar.

Deir an BBC freisin go bhfuil tuairiscí faighte acu faoi dhaoine a bheith á marú i mbaile Ivankiv, cúpla míle soir ó dheas ó Obukhovychi.