Tá foláireamh tugtha ag leas-phríomhaire na hÚcráine do dhaoine i ndúichí áirithe in oirthear na tíre a mbailte a thréigean gan mhoill.
Thug Iryna Vereshchuk le fios go bhfuil Arm na hÚcráine i gceantair Kharkiv, Donetsk agus Luhansk ag impí ar an bpobal teitheadh agus go bhfuil saighdiúirí Úcránacha ag cuidiú le daoine a mbagáistí a bhailiú, a chur i gceann a chéile agus imeacht.
Má dhiúltaíonn daoine imeacht, a dúirt sí, beidh siad i ngábh agus gan deis acu breith ar a n-aiféala feasta.
Tá an foláireamh curtha amach ag an leas-phríomhaire i bhfianaise athshlógadh a bheith ar shaighdiúirí Rúiseacha in oirthear na hÚcráine tar éis dóibh tarraingt amach as cuid mhór d'Oblast Chív.
Tá sé dearbhaithe ag na Rúisigh go bhfuil rún acu díriú anois ar sheilbh iomlán a ghabháil ar na baill is úimléidí san oirthear.

Ba mhór an éadáil chogadh acu Kharkiv ós í an dara cathair is mó san Úcráin í.
Tá Kharkiv an-ghar don teorainn leis an Rúis agus tá nimh i súil ag na Rúisigh inti ó rinne siad ionradh ar an Úcráin sé seachtaine ó shin.
Tháinig gealán beag dóchais ar deireadh ó chathair Mariupol inniu.
Dheimhnigh Cumann Idirnáisiúnta na Croise Deirge gur éalaigh carranna lán daoine as an gcathair agus gur thionlaic meitheal fóirithinte na heagraíochta gach a raibh iontu chomh fada le cathair Zaporizhzhia 230 ciliméadar siar ó thuaidh ó Mariupol.
Dealraíonn sé go ndeachaigh na daoine sin i gceann staidéir a chéile féachaint cén chaoi a n-éalóidís agus gur chinn siad ar deireadh gurbh fhearrde dóibh é dul i nguais ná fanacht mar a raibh siad.
Bhí lucht na Croise Deirge stoptha ar ur na cathrach agus nuair a chonaic siad na carranna ag teacht an bealach, a dúradh, chuaigh siad faoina ndéin.
As sin a thionlaic na hoibrithe fóirithinte na saoránaigh go Zaporizhzhia, a dúradh.