skip to main content

"Ná tugtar glór don Rúis i gcinntí faoi chogadh a thionscain sí féin!" - Zelensky

Volodymyr Zelensky ag labhairt ag Náisiúin Aontaithe tráthnóna
Volodymyr Zelensky ag labhairt ag Náisiúin Aontaithe tráthnóna

In aitheasc a thug sé do Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar nasc físe tráthnóna, d'éiligh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky go ndíolfadh na Rúisigh as na coireanna atá déanta acu ó rinne siad ionradh ar a thír mí go leith ó shin.

Chomh maith leis na sibhialtaigh ar fad a maraíodh i gcaitheamh an ama sin, a dúirt sé, díbríodh na céadta míle eile as an Úcráin agus seoladh thar teorainn chun na Rúise iad.

D'iarr an tUachtarán Zelensky ar na Náisiúin Aontaithe gníomhú gan spás agus suíochán na Rúise ar an gComhairle Slándála a bhaint di.

Ós í an Rúis an t-ionsaitheoir, ar sé, ní féidir go mbeadh glór aici sna cinntí atá le déanamh faoin gcogadh a thionscain sí féin.

I ndiaidh achainí an Uachtaráin, taispeánadh físeán agus íomhánnna de chorpáin san Úcráin do na baill den Chomhairle Slándála.

Leanaí ag uaigh a máthar, Bucha, 4 Aibreán 2022

Dúirt Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres go bhfuil ionradh na Rúise ar an Úcráin ar cheann de dúshláin is mó a cuireadh roimh "an ord idirnáisiúnta" riamh agus go bhfuil na tíortha is boichte ar domhan ag fulaingt dá bhíthin cheana féin.

Thug sé le fios go bhfuil corraíl shóisialta á tolgadh i roinnt tíortha de thoradh an ardaithe atá tagtha ar an gcostas maireachtála.

Níos túisce inniu, dhearbhaigh an tAontas Eorpach go bhfuil cosc iomlán curtha ar iompórtáil guail ón Rúis i bhfianaise na n-uafás i mbaile Bucha in aice le Cív san Úcráin, mar ar maraíodh na céadta sibhialtach cúpla lá ó shin.

Deirtear gur fiú €4 bhilliún sa bhliain do na Rúisigh easpórtáil guail chun an Aontais Eorpaigh.

Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen nár mhór leanúint den bhrú eacnamaíochta ar an Rúis ag an tráth cinniúnach seo, mar a thug sí air.