Tuigtear go n-iarrfaidh Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky ar na Náisiúin Aontaithe smachtbhannaí níos déine a chur ar an Rúis i bhfianaise an áir i mbaile Bucha in aice le Cív, mar ar maraíodh na céadta sibhialtach, agus atá cáinte go forleathan.
Coireanna cogaidh agus cinedhíothú atá curtha i leith Arm na Rúise ag an Uachtarán Zelensky i dtaca leis an sléacht de.
Fuarthas os cionn 400 corp i mbailte Bucha, Irpin agus Hostomel siar ó thuaidh ó Chív tar éis do shaighdiúirí Rúiseacha tarraingt amach as na háiteanna sin. Bhí a lámha ceangailte ag go leor de na mairbh agus bhí na coirp caite ar an tsráid.
Maíonn na Rúisigh nach bhfuil sa scéal ach cur i gcéill agus gur íomhánna bréige atá sna picitúir de dhaoine marbha.

Thug Volodymyr Zelensky le fios, áfach, nach bhfuil i sléacht Bucha ach an chuid is lú den scéal.
Dar leis gur mharaigh na Rúisigh níos mó daoine fós in áiteanna eile fearacht Borodianka tríocha ciliméadar siar ó thuaidh ó Bucha.
Labhróidh an tUachtarán Zelensky ar an scéal nuair a thabharfas sé aitheasc do Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar nasc físe tráthnóna.
Táthar den bharúil go bhfuil na Rúisigh ag cúlú ó Oblast Chív d'fhonn diriú ar a bhfeachtas míleata in oirthear agus i ndeisceart na hÚcráine.
Deirtear go bhfuil uathu faoi láthair an greim atá acu cheana féin ar Donetsk agus Luhansk agus ar an limistéar thart ar chathair Mariupol a dhaingniú.

Measann Rialtas na hÚcráine go bhfuil feachtas mór millteach beartaithe ag na Rúisigh agus go mbeidh sé ina chogadh craorag sa réigiún.
Tá lucht faisnéise Mheiriceá ar aon intinn leis na hÚcránaigh. Creideann siadsan go mb'fhéidir go mairfeadh an chogaíocht in oirthear agus i ndeisceart na hÚcráine roinnt míonna nó níos faide.
Tá na háiteanna sin á dtuairgneáil cheana féin ag na Rúisigh.
Tuairiscítear deichniúr sibhialtach a bheith maraithe agus 46 duine a bheith leonta de bharr ionsaí airtléire ar chathair Mykolaiv i ndeisceart na hÚcráine.
Tá Mariupol fós faoi léigear agus tá sé ráite ag Cumann Idirnáisiúnta na Croise Deirge go bhfuil meitheal fóirithinte a chuir siad chun na cathrach sin á gcoinneáil ag póilíní i gceantar atá faoina smacht ag na Rúisigh.