"Dúnmharfóirí, céastúnaigh, éigneoirí agus creachadóirí" atá tugtha ag Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky ar shaighdiúirí Rúiseacha i bhfianaise na scórtha corp a bheith faighte i dtrí bhaile in aice leis an bpríomhchathair Cív.
Tuairiscítear go bhfuarthas os cionn 400 corp go dtí seo - sibhialtaigh a mbunáite - i mbailte Bucha, Irpin agus Hostomel siar ó thuaidh ó Chív.
Thug na húdaráis áitiúla sna bailte sin le fios go raibh a lámha ceangailte ag go leor de na mairbh, go raibh na coirp caite ar an tsráid agus go mb'éigean iad a adhlacadh in éineacht in olluaigheanna.
Dúirt méara Bucha nach bhféadfaí na coirp a chur i reilig an bhaile mar go raibh sí róghar do raon lámhaigh na Rúiseach. Is sa bhaile sin a fuarthas 280 de na coirp.
Thug duine de mhuintir an bhaile le fios gur ordaigh saighdiúirí Rúiseacha d'fhuíoll an áir gan na coirp a adhlacadh fad is a bhí sé ag sioc go crua.
Ar deireadh, a duirt sé, thochail siad poll mór le tarracóir agus cuireadh na coirp ann gan aon dínit.
Chuir saighdiúirí Úcránacha an ruaig ar na Rúisigh ina dhiaidh sin agus tuairiscítear go bhfuil cúrsaí socair - ach dubhach dólásach - ansin faoi láthair.

Tá an t-uafás cáinte go láidir ag tíortha an Iarthair agus na Náisiúin Aontaithe ach tá sé séanta ag na Rúisigh nach raibh aon bhaint acu leis an scéal.
Thug na Náisiúin Aontaithe le fios, áfach, cé go bhfuil inneach lámh na Rúiseach sa drochobair nach bhféadfaí a bheith cinnte ar shibhialtaigh iad na daoine ar fad a maraíodh.
Tá sé tugtha le tuiscint ag tíortha an Iarthair go gcuirfear tuilleadh smachtbhannaí ar an Rúis mar gheall ar an sléacht.
Mhaígh Seansailéir na Gearmáine Olaf Scholz go bhféadfaí cosc iomlán a chur iompórtáil gáis ón Rúis i bhfianaise na brúidiúlachta is deireanaí.
Tá beagnach 4.2 milliún duine teite as an Ucráin ó rinne Arm na Rúise ionradh ar an tír ar an 24 Feabhra agus deir na Náisiúin Aontaithe gur díreach inné a theith 40,000 acu.