Dúmhál atá tugtha ag tíortha an Iarthair ar éileamh Uachtarán na Rúise Vladimir Putin gur i rúbail a d'íocfaidís as gás ón Rúis feasta. É sin nó coiscfear soláthairtí, a dúirt sé.
Níl lá rúin acu, a dúirt rialtais an Iarthair, rud a dhéanamh ar Vladimir Putin agus an dúchíos a íoc.
Tá an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh leis an scéal sin agus dúshláin eile san earnáil fuinnimh a chaibidil ag cruinniú éigeandála inniu.
Tá lua ar chúltaiscí amhola a chur ar an margadh idirnáisiúnta féachaint leis an ardú as cuimse atá tagtha ar phraghas ola le deireanas a thabhairt faoi smacht. Áirítear praghas ola a bheith ardaithe os cionn 30% ó thús na bliana.
Tá sé fógartha ag na Stáit Aonaithe cheana féin go bhfuil rún acusan 180 milliún bairille breise amhola a chur ar an margadh ón mí seo chugainn.
Mar leis an gcogadh san Úcráin de, tá ionadaithe Rialtais na hÚcráine agus na Rúise le tabhairt faoi chainteanna síochána an athuair inniu. Cruinniú fíorúil seachas aghaidh ar aghaidh a bheas ann.

Tá meacan an éadóchais, áfach, i ráitis na nÚcránach, a mhaíonn gur siléigeacht agus sínteoireacht aimsire atá ar bun ag na Rúisigh.
Dá dhearbhú sin, a deir na hÚcránaigh, i leaba tarraingt siar mar a gheall siad tá fórsaí Rúiseacha in oirthear na hÚcráine ag cur atheagair orthu féin agus á réiteach féin i gcomhair catha arís.
Ina dhiaidh sin, tá sé tugtha le fios ag Arm na hÚcráine go bhfuil fórsaí Rúiseacha a bhí cónaithe thart ar an bpríomhchathair Cív tar éis cúlú beagán. Ní le dea-mhéin é, a deir na hÚcránaigh, ach is amhlaidh a cuireadh an ruaig orthu.
Tuairiscítear freisin go bhfuil saighdiúirí Rúiseacha i mbun creachadóireachta agus iad ag cúlú ó thuaidh i dtreo na Bealarúise.
Tá sé á mhaíomh ó thús an chogaidh ag lucht faisnéise an Iarthair gur saighdiúirí núíosacha atá i gcuid mhór de na cathláin atá curtha chun na hÚcráine ag na Rúisigh. Níl ann ach go gcasann an saol orthu a bheith san Úcráin agus is ag troid go patuar atá siad, más fíor.
Más á mheas a bhí na Rúisigh gur bearna réidh a bheadh rompu san Úcráin, a dúirt urlabhraí ó Roinn Cosanta na Breataine, bhí dul amú orthu. Mar dheimhniú air sin, a mhaígh an t-urlabhraí, tuairiscítear saighdiúirí Rúiseacha atá bunaithe sa tSeoirsia a bheith á gcur chun na hÚcráine le tacú lena gcomrádaithe.

Tá cathair Mariupol in oirdheisceart na hÚcráine i ladhar an chasúir i gcónaí, í díbheo agus a saoránaigh spíonta tnáite, tar éis go raibh sos comhraic ann inné.
Tuairiscítear lucht fóirithinte na Croise Deirge a bheith ar a mbealach chun na cathrach inniu. Is cosúil nár ceadaíodh dóibh soláthairtí éigeandála a thabhairt leo ach deirtear go bhfuil sé ar intinn acu leathchéad bus lán dídeanaithe a thionlacan amach as an gcathair.
Íomhánna: Getty