Tá cláir theilifíse Gaeilge "beagnach caite i dtraipisí ar fad" ag RTÉ faoin tráth seo, a dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ag coiste Oireachtais inniu.
hIarradh ar Rónán Ó Domhnaill teacht os comhair Choiste Oireachtas na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán lena thuarascáil bhliantúil, a foilsíodh an mhí seo caite, a phlé.
Sa tuarascáil sin, cháin sé RTÉ go láidir as laghad na gclár teilifíse Gaeilge a chraoltar ar an stáisiún. Dúirt sé go raibh RTÉ ag sárú an dualgais reachtúil atá ar an eagraíocht i leith na teanga faoin Acht Craolacháin.
Léiríonn imscrúdú a rinne an Coimisinéir Teanga in 2017 nach raibh sna cláir Ghaeilge a craoladh ar theilifís RTÉ ach 0.7% de chláir ar fad na bliana sin.
Mar fhreagra air sin, dúirt RTÉ go raibh an stáisiún ag comhlíonadh a chuid dualgas ó thaobh aschur raidió, ábhar Gaeilge ar líne, cláir nuachta agus cláir a chur ar fáil do TG4.
Ag an gcoiste Oireachtais inniu, áfach, thug Rónán Ó Domhnaill le fios nach bhfuil aon ghlacadh aige leis an bhfreagra seo agus nach aon leithscéal é an as an dlí craolacháin a shárú, mar a dúirt sé.
"Tráth ar eisíodh an tuarascáil bhliantúil, thagair RTÉ an athuair do na réimsí seirbhísí eile, idir sheirbhísí digiteacha agus ar líne, a chuirtear ar fáil i nGaeilge. Níl aon cheist ach go bhfuil fiúntas le forbairt na réimsí sin, ach déanaim an pointe go daingean an athuair nach laghdaíonn siad an dualgas atá ann maidir le craoladh réimse cuimsitheach clár teilifíse agus raidió i nGaeilge."
Tá súil ag an gCoimisinéir Teanga plean a fháil ó RTÉ go luath maidir lena bhfuil ar intinn ag an eagraíocht a dhéanamh i bhfianaise an cháinte seo.
"Sna míonna beaga amach romhainn, beidh mé ag súil le tuarascáil ó RTÉ ar an mbealach a dtabharfar faoi chomhlíonadh na ndualgas reachtúil teanga seo", a dúirt sé.
I ráiteas a chuir RTÉ ar fáil inniu, dúradh go bhfuil "aird tugtha ag RTÉ ar thorthaí Thuarascáil Bhliantúil 2018 an Choimisinéara Teanga agus [go] [m]beidh freagra ina leith sna seachtainí atá romhainn."