Tá RTÉ cáinte go láidir ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ina thuarascáil bhliantúil mar, a deir sé, nach bhfuil an eagraíocht ag comhlíonadh dualgas reachtúil atá air faoin Acht Craolacháin i dtaca le cláir theilifíse Ghaeilge de.

Deir an Coimisinéir ina thuarascáil go léiríonn imscrúdú a rinne sé anuraidh ar aschur na heagraíochta don bhliain 2017 nach bhfuil sna cláir theilifíse Ghaeilge a chraolann RTÉ ach 0.7% de na cláir theilifíse a chraolann siad trí chéile, "in ainneoin dualgas a bheith ar an gcraoltóir náisiúnta réimse cuimsitheach clár a chur ar fáil sa teanga sin."

Maíonn sé go bhfuil sé ar cheann de na himscrúduithe is tábhachtaí a láimhseáil a Oifig ó bunaíodh í agus go léirítear ann go bhfuil an líon clár teilifíse i nGaeilge ar RTÉ "thar a bheith easnamhach, ar neamhréir le toil Thithe an Oireachtais agus go bhfuil an craoltóir ag sárú an Achta Craolacháin."

As na 18,657 uair chraolacháin de chláir theilifíse a rinneadh ar chainéil RTÉ in 2017, níor craoladh ach 123 uair an chloig de chláir i nGaeilge, nó 0.7%, a deir sé. 

Léiríonn an t-imscrúdú freisin, a deir sé, gurbh ionann an méid airgid a chaith RTÉ ar chláir Ghaeilge in 2017 agus beagán os cionn 2% den chaiteachas ar chláir theilifíse trí chéile.

Faoin Acht Craolacháin 2009 (fo-alt 114(3)(a)), tá dualgas ar RTÉ réimse cuimsitheach clár a chur ar fáil i nGaeilge ach deir an Coimisinéir go raibh "seánraí ann nár freastalaíodh i nGaeilge orthu ar chor ar bith nó ar tearc ar fad an freastal a rinneadh orthu."

Deir sé nach bhfuil cláir theilifíse cúrsaí reatha á gcur ar fáil i nGaeilge ag RTÉ in ainneoin dualgas soiléir reachtúil a bheith ann é sin a dhéanamh, mar atá leagtha amach i bhfo-alt 114(3)(b)) san Acht Craolacháin. 

"Cé gur sholáthair RTÉ clár cúrsaí reatha (7 Lá) mar chuid den dualgas reachtúil atá air díol 365 uair an chloig de chláir Ghaeilge a chur ar fáil do TG4 in aghaidh na bliana, níor bhain sé sin le seirbhís teilifíse RTÉ féin," a deir sé.

Maidir leis an tseirbhís fuaime, deir an Coimisinéir Teanga go bhfuil na dualgais reachtúla á gcomhlíonadh ag RTÉ, a bhuíochas sin den chuid is mó ar chuimsitheacht sheirbhís Raidió na Gaeltachta. 

Deir sé gur thug RTÉ le fios gur caitheadh €12.77 milliún ar chláir raidió as Gaeilge sa bhliain 2017 agus gur bhain bunáite an chaiteachais sin (90.7%) le Raidió na Gaeltachta. Caitheadh €1.87 milliún ar chláir as Gaeilge ar RTÉ Raidió 1 agus RTÉ 2FM ar chláir nuachta a bhformhór, cé gur craoladh dornán clár de chineálacha eile.

Tá an Coimisinéir Teanga ag iarraidh "go n-ullmhódh RTÉ plean feidhmithe, chun a shástachta, taobh istigh de shé mhí ó dháta na tuarascála imscrúdaithe chun go gcomhlíonfar na dualgais reachtúla atá daingnithe [san] Acht Craolacháin d’fhonn réimse cuimsitheach clár teilifíse i nGaeilge agus cláir theilifíse cúrsaí reatha i nGaeilge a chur ar fáil."

Cuireadh RTÉ ar an eolas faoina bhfuil i dtuarascáil an Choimisinéara ar 6 Nollaig 2018 agus fágann sin go bhfuil sé ag súil le plean RTÉ faoi 6 Meitheamh i mbliana.

I bhfianaise gearáin ón bpobal, a deir an Coimisinéir, a chinn sé an t-imscrúdú a dhéanamh ar RTÉ agus an tseirbhís Ghaeilge a chuireann an eagraíocht ar fáil. 

Nuair a chuir sé tús leis an imscrúdú anuraidh, a deir sé, ba é seasamh RTÉ go raibh siad ag comhlíonadh na ndualgas reachtúil maidir le cláir a chur ar fáil i nGaeilge.

"Thagair RTÉ do sheirbhís RTÉ Raidió na Gaeltachta, Rannóg na gClár Gaeilge, an tseirbhís nuachta trí Ghaeilge, an úsáid a bhaintear as an nGaeilge ina chuid gníomhaíochtaí éagsúla, agus ábhar teilifíse arna chur ar fáil do TG4.

Cuireadh an-bhéim i bhfreagra RTÉ ar fhorbairtí nuálaíocha a cuireadh chun cinn le linn na bliana 2017 agus a chuir go mór leis an ábhar a bhí á chur ar fáil ar líne, ar na meáin shóisialta agus i réimsí an raidió dhigitigh agus an phodchraolta," a deir sé.

Thug RTÉ le fios freisin gur tháinig méadú leanúnach ar chaiteachas na heagraíochta ar ábhar Gaeilge ó €21.262 milliún sa bhliain 2014 go dtí €24.455 milliún sa bhliain 2017.

Dúirt RTÉ leis an gCoimisinéir gur mhian leis an eagraíocht níos mó infheistíochta a dhéanamh "in aschur i réimsí áirithe ar nós na Gaeilge, na drámaíochta, na heolaíochta, cláir na leanaí, na n-ealaíon agus an chultúir, ach gur fhág na srianta daingne caiteachais faoina bhfuiltear ag feidhmiú nárbh fhéidir é sin a dhéanamh san am i láthair."

I ráiteas inniu, dúirt RTÉ go dtugann an eagraíocht aird ar thorthaí thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga.

Dúradh sa ráiteas "cé go ndeirtear sa tuarascáil gur sháraigh RTÉ a chuid oibleagáidí faoi Acht Craolacháin 2009 i dtaobh an tsoláthair a rinneadh ar chláir Ghaeilge ar a chuid cainéal teilifíse líní, deirtear freisin go bhfuil RTÉ ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí tríd is tríd maidir le cláir nuachta teilifíse agus ábhar raidió. Chomh maith leis sin, níl na forbairtí nuálaíocha a chuir RTÉ chun cinn chun cur go mór le hábhar Gaeilge ar líne, ar na meáin shóisialta agus i réimsí an raidió dhigitigh agus an phodchraolta ag teacht faoi scóip na tuarascála seo."

Dúirt Údarás Craolácháin na hÉireann tráthnóna go ndéanann siad athbhreithniú gach bliain agus gach cúig bliana ar RTÉ agus TG4. Dúirt siad go mbeidh athbhreithniú cuimsitheach á dhéanamh acu i mbliana ar conas mar a chuir an dá eagraíocht sin a gcuid gealltanas maidir leis an nGaeilge i bhfeidhm.