Tá catalóg de na leabhair ar fad a clóbhuaileadh i nGaeilge ón gcéad eagrán sa bhliain 1571 anuas go dtí 1871 ar fáil ó inniu.
Tá an Clóliosta ar an gcatalóg leabhar Gaeilge is cuimsithí go dtí seo agus cuireadh i láthair é ag comhdháil scoláirí sa Léann Ceilteach i mBaile Átha Cliath tráthnóna.
Sa bhliain 1905 a foilsíodh an chatalóg dheireanach dá cineál, ach ní raibh ach 156 eagrán san áireamh inti.
Thart ar 800 eagrán a clóbhuaileadh in imeacht 300 bliain atá sa Chlóliosta atá curtha i dtoll a chéile ag an Ollamh Richard Sharpe ó Ollscoil Oxford agus an Dr Mícheál Hoyne ó Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
Is é Aibidil Gaoidheilge agus Caiticiosma le Seán Ó Cearnaigh an chéad leabhar sa chatalóg. Teagasc Críostaí Protastúnach a choimisiúnaigh Eilís I atá ann. Clóbhuaileadh sa chló nuálach gaelach i mBaile Átha Cliath é sa bhliain 1571. B'in cuid den fheachtas an Reifirméisean a chur chun cinn i measc mhuintir na hÉireann ina dteanga féin.

An chéad leabhar a cuireadh i gcló i nGaeilge, Aibidil Gaoidheilge agus Caiticiosma, 1571.
Is é Toga abhran air Eirinn ro chan Tomas Ua Mordha, flaith na bfhilead, aisdrighthe ó Sags-béarla go Gaoidhilge le Seaghan Ard-easbog Thuama an leabhar deireanach sa chatalóg. Cnuasach d'amhráin Thomáis Uí Mhórdha aistrithe ag Seán Mac Éil, Ardeaspag Thuama, atá ann. Go gairid ina dhiaidh sin, le hAthbheochan na Gaeilge, cuireadh tús le ré nua foilsitheoireachta i nGaeilge.
Bhí an-ráchairt ar amhráin Uí Mhórdha sa 19ú céad. Maíonn na húdair gur aistríodh go Gaeilge go minic iad mar go raibh náisiúnaithe rómánsacha ag iarraidh go mbeidís ar fáil sa phríomhtheanga náisiúnta.
Clóbhuaileadh na leabhair a áirítear sa Chlóliosta in áiteanna éagsúla sa tír - Baile Átha Cliath, Béal Feirste, Corcaigh, Gaillimh, Luimneach, Port Láirge, Carraig na Siúire, Cluain Meala agus an tIúr. Go deimhin, bhí clóphreas an-táirgiúil i mbun oibre in Acaill sa 19ú haois. Clóbhuaileadh cuid de na leabhair thar lear freisin - i Lobháin, i Londain, i bPáras agus sa Róimh.
Ar chlóphreasanna láimhe a foilsíodh a bhformhór, ach bhí preasanna móra galinnill ar fáil níos forleithne ón mbliain 1840.


Clóphreas láimhe, 16ú céad. (Pic: Getty)

Clóphreas galinnill, 1840í. (Pic: Getty)
Deir údair an Chlóliosta nach liosta amháin atá ann. Deir siad go ndéantar cur síos ann ar dhéantús gach leabhar agus ar an gcineál cló a húsáideadh. Tugtar ainm an chlódóra agus áit an chlóbhuailte, agus tá eolas ann i dtaobh ábhar agus comhthéacs an tsaothair chomh maith.
Áirítear sa chatalóg freisin foclóirí, graiméir agus leabhráin oideachasúla, ainneoin nach leabhair Ghaeilge iad faoi mar a thuigfí de ghnáth iad.
Mínítear freisin an nasc idir thraidisiún na lámhscríbhinní in Éirinn agus leabhair chlóbhuailte de réir mar a d'athraigh an teicneolaíocht i gcaitheamh na mblianta. Deir an tOllamh Sharpe gur "chóipeáil lámhscríobhaithe leabhair chlóbhuailte agus [go bhfuil] eagráin chlóbhuailte agus eagráin lámhscríofa araon den téacs céanna ann i roinnt cásanna."
Tá fianaise ann gur baineadh leas as leabhair chlóbhuailte le litearthacht sa Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn san 18ú céad agus sa 19ú céad. Le linn na ré sin, clóbhuaileadh caiticeasmaí Caitliceacha - fearacht an eagráin san íomhá thíos - sa chló rómhánach agus i meascán de litriú na Gaeilge agus de litriú an Bhéarla.
Deir an tOllamh Sharpe gur "dóichí gur leabhair bheaga iad seo a chuirtí ar fáil do pháistí. É sin, nó b'fhéidir gur áis chúnta iad don sagart nach raibh Gaeilge aige le go dtuigfeadh Gaeilgeoirí óga é agus an caiticeasma á léamh os ard aige. Murab ionann agus an Eaglais Chaitliceach, ba ghnách leis na Protastúnaigh feidhm a bhaint as litriú na Gaeilge agus as an gcló gaelach le liteartacht i nGaeilge a chothú.
Cé go raibh ársaitheoirí agus náisiúnaithe rómánsacha an-tugtha don chló gaelach a thionscnaigh Eilís I, b'annamh a baineadh leas as sna leabhair Chaitliceacha ba mhó a raibh rath orthu. Ina ainneoin seo, chloígh na Protastúnaigh leis an gcló gaelach mar gur chreid siad go mbeadh an-tóir ag cainteoirí Gaeilge orthu."
Is iad na leabhair a bhain feidhm as an gcló rómhánach agus as meascán de litriú na Gaeilge agus litriú an Bhéarla ba mhó a hathchlódh. Tugann na saothair seo léargas dúinn anois ar fhuaimniú na gcanúintí Gaeilge lena linn.

Meascán de litriú na Gaeilge agus litriú an Bhéarla i dTeagasc Críostaí Uí Raghallaigh, Baile Átha Cliath, 1800.
Deir údair an Chlóliosta nach dócha gur féidir le saothar mar é a bheith iomlán críochnúil. Tá súil acu, a deir siad, agus réamhfhoilseachán á chur ar fáil acu anseo, go roinnfidh leabharlannaithe agus daoine eile a gcuid eolais leo d'fhonn bearnaí a líonadh sular bhfoilseofar é.
Tuilleadh faoi fhuaimniú chanúintí na Gaeilge anseo.