Tá an lámhscríbhinn á coinneáil i Leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann, ach níor tuairiscíodh roimhe seo go raibh leagan inti de Chúirt an Mheán Oíche scríofa i nGaeilge Ros Comáin.

Canúint Chonnachtach í Gaeilge Ros Comáin ach ba i nGaeilge an Chláir – canúint Mhuimhneach – a scríobh an file Brian Merriman an bunleagan. 

Tá an dá chanúint an-éagsúil lena chéile. Cé gur mhair Gaeilge an Chláir níos faide ná Gaeilge Ros Comáin, ní labhraítear ceachtar acu níos mó.

Is é Cúirt an Mheán Oíche le Brian Merriman an dán grinn drámatúil is tábhachtaí agus is fearr i gcanóin liteartha na Gaeilge.

Tá beagán os cionn 1,000 líne filíochta inti agus chum Merriman í i gcanúint an Chláir, a Ghaeilge dhúchais féin, thart ar an mbliain 1780.

Is amhlaidh a hathscríobhadh í ó lámhscríbhinn go lámhscríbhinn agus a léití amach í agus a haithrisítí í, agus foilsíodh i gcló den chéad uair í i nGaeilge thart ar lár an 19ú céad le haghaidh úsáide príobháidí.

Is é an canúineolaí agus an sochtheangeolaí an tOllamh Brian Ó Curnain ó Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath a d'aimsigh leagan Ros Comáin den dán.

Is é Éamann Ó hOrchaidh* a scríobh an leagan seo den dán sa bhliain 1817 agus tá sé á chur ar fáil don phobal den chéad uair anseo.

Image - Le cead Acadamh Ríoga na hÉireann © ARÉ

Le cead Acadamh Ríoga na hÉireann © ARÉ

Go bhfios dúinn is é leagan Uí Orchaidh an t-aon leagan Connachtach de Chúirt an Mheán Oíche atá ann. 

I nGaeilge na Mumhan atá na leaganacha eile ar fad ón 18ú céad agus ón 19ú céad, mar atá bunleagan Merriman féin, i gcanúint an Chláir.

Rud eile de, deireadh an áil í lámhscríbhinn seo Uí Orchaidh ó thaobh scríobh agus litriú na Gaeilge traidisiúnta de. 

Sa chló Rómhánach agus trí litriú an Bhéarla a scríobhtaí formhór na Gaeilge i gConnachta i ndiaidh na haimsire sin – leithéidí 'thaw' ar son 'tá' agus 'vee' ar son 'bhí'. 

Seo sampla ar thaobh na láimhe clé ó lámhscríbhínn eile ón 19ú céad:

Neer etta Finn ean nuina ariove fee oare fee arigod naw fee via. Níor eitigh Fionn aon duine riamh faoi ór, faoi airgead ná faoi bhia.

Thart ar 100 bliain ina dhiaidh sin a fuair Connachtaigh cumas athuair i litriú Gaelach na Gaeilge de bharr mhúineadh agus fhoilsiú forleathan na Gaeilge aimsir na hAthbheochana.

Image - An tOllamh Brian Ó Curnáin ag scrúdú lámhscríbhinn Éamainn Uí Orchaidh ar mhicreascannán

An tOllamh Brian Ó Curnáin ag scrúdú lámhscríbhinn Éamainn Uí Orchaidh ar mhicreascannán

Image - Lámhscríbhinn Uí Orchaidh ar mhicreascannán

Lámhscríbhinn Uí Orchaidh ar mhicreascannán

Deir an tOllamh Ó Curnáin, atá ag scrúdú leagan Uí Orchaidh mar chuid dá thaighde féin ar Ghaeilge Chonnacht, go raibh go leor canúintí Gaeilge in Éirinn.

Go minic, tagann na teorainneacha idir na mórchanúintí le teorainneacha stairiúla na gcúigí agus tá difríochtaí teangeolaíochta ag leibhéal an chontae agus an bhaile fearainn fiú.

Tá éagsúlachtaí idir na canúintí sa stór focal, sna briathra, sna réamhfhocail, sna hainmfhocail agus sna fuaimeanna nó an fhóineolaíocht.

Tá Gaeilge Chonnacht sách coimeádach tríd is tríd.

Ní ghlacann sí go minic le nuálacha ó na cúigí eile, aneas ó Chúige Mumhan ná aduaidh ó Chúige Uladh.

Ní mórán nuálacha neamhspleácha ach oiread atá i gConnachta.


Is é atá sa Chúirt taibhreamh nó tromchodladh a bhí ag file darbh ainm Brian inar tugadh chun cúirte é. Cúirt í seo a bhí ar bun ina bhaile dúchais féin, an Fhiacail, in oirthuaisceart an Chláir.

Is é an chúis atá le plé sa chúirt ná ganntan na bhfear inphósta agus droch-chás na mban dá gceal. Is í Aoibheall, Banríon na Sí, atá ina breitheamh.

Image - An file ina chodladh

An file ina chodladh

Image - An Chúirt ar bun

An Chúirt ar bun

Image - An óigbhean mar fhinné

An óigbhean mar fhinné

Cúrsaí collaíochta atá faoi chaibidil den chuid is mó – idir chomhriachtain shaor, adhaltranas, toircheas ceilte, mídhlisteanacht, sean agus óg a bheith pósta le chéile agus aontumha na cléire.

Go deimhin, deir an finné mná gur chóir cead saor a thabhairt chun comhriachtana agus síolraigh le borradh fáis a chur faoi dhaonra na tíre. 

Tabharfaidh réiteach an chinebhorrtha seo glúin laochra Gael le géarsmacht Gall a dhíbirt as Éirinn!

Tá leagan den dán i lámh Merriman féin á choinneáil i Leabharlann Ollscoil Cambridge. 

Tá dhá leathanach ón lámhscríbhinn sin á gcur ar fáil anseo thíos. Seo an chéad uair, go bhfios dúinn, pictiúir shoiléire d'átagraf Merriman a bheith foilsithe.

Image - Atáirgthe le caoinchead Shindeaca Leabharlann Ollscoil Cambridge

Atáirgthe le caoinchead Shindeaca Leabharlann Ollscoil Cambridge

Is féidir íomhánna gar-amhairc den dá lámhscríbhinn atá faoi chaibidil san alt seo a fheiceáil inár ngailearaí anseo.

Deir an tOllamh Ó Curnáin go mbaineann Merriman leas as litriú atá i bhfad ó ghnás litriú a linne, in aonturas amháin chun leagan canúna a chur in iúl. 

Is minic mar sin go bhfuil tréithe níos canúnaí i litriú Merriman ná caighdeán litrithe ár linne féin.

"Tá leidí soiléire i litriú Merriman ar conas Gaeilge an Chláir a rá, chun cloí leis an meadaracht chumasach ina bhfuil foghar cinnte nó comhfhuaim ag ceithre fhocal i ngach líne filíochta. 

Dá bhrí sin, tá eolas beacht againn ar fhuaimniú Merriman d'os cionn 4,000 focal, fuaimniú a bhunaigh Merriman ar mheascán de chaint na ndaoine i gCo an Chláir agus leaganacha ardréim na filíochta Gaeilge. 

Go deimhin, is féidir linn a bheith cinnte d'urlabhra Merriman in ionann is gach siolla den dán."

Deir Éamann Ó hOrchaidh ina lámhscríbhinn féin gur scríobh sé a leagan Ros Cománach den Chúirt sa bhliain 1817 sa Bhearaidh Bheag, baile fearainn i bparóiste Chill Tuama. 

Tá an Bhearaidh Bheag suite ar bhruach thiar theas Loch Rí, fad urchair ó Bhaile Átha Luain.

Image -

Cé go leanann cóip Uí Orchaidh d'ord agus d'ábhar an bhun-dáin, tá an teanga athraithe go mór ina chóip féin aige. 

Tá léiriú soiléir go minic i litriú Uí Orchaidh ar leaganacha Gaeilge a bhaineann le hoirthear na Gaillimhe agus deisceart Ros Comáin. 

Is furasta sin a fheiceáil ach an dá leagan a chur suas agus anuas le chéile líne ar líne. 

Is minic go loiteann athruithe Uí Orchaidh an mheadaracht ach b'fhusaide a léamh nó a chloisteáil agus a thuiscint ag an lucht léite agus éisteachta as Ros Comáin nó as Connachta trí chéile.

Ní shiod an t-aon saothar litríochta a leasaigh Éamann Ó hOrchaidh agus ar chuir sé a chruth féin air. 

Chuir sé a dheireadh féin le scéal a scríobh Micheál (Ó) Coimín, Eachtra Chloinne Thoroilbh, agus atá ar fáil sa lámhscríbhinn chéanna lena leagan de Chúirt an Mheán Oíche.

Image -

Sa tábla a leanas, leagtar amach cuid den ilomad saintréithe a bhaineann le Gaeilge Ros Comáin i gcomparáid le Gaeilge an Chláir mar a bhí ag Merriman.

Tá samplaí 1-15 le fáil sna leathanaigh atá foilsithe anseo agus leanann siad ord an téacs. Tá samplaí 16-24 le fáil i leathanaigh eile an dáin agus is de réir ord an téacs atá siad freisin.

Gaeilge an Chláir - Merriman Gaeilge Ros Comáin – Ó hOrchaidh Fuaimniú Ros Comáin Gaeilge na linne seo
caite Caitáigh caití caite
péirse Péarsáigh péarsaí péirse
eíllte illite eilite eilte
reómpa riompádh rumpú rompu
láimh le baile A nadh le baille i ndá(il) le baile láimh le baile
acu chuige acamh aige ucubh eige acu chuige
chonairc chainnairc chaini(r)c chonaic
bfurast dob fhorras dob fhoras b'fhurasta
mairfig bairráigh mairí mairfidh
gníomhurtha gríobhfare gríofara gníomhartha
lághabúrthadh lag bhúadtheach lagbhuait(h)each lábúrtha
aice fúthadh aicaidh fúadhfa eicí fúfa aici fúthu
easnamh Easbhaígh easbhaí easnamh/easpa
caointeach ráiteach ráiteach cainteach
am dhúiseacht mo dhúghsacht mo dhúsacht i mo dhúiseacht

Gaeilge an Chláir - Merriman Gaeilge Ros Comáin – Ó hOrchaidh Fuaimniú Ros Comáin Gaeilge na linne seo
fuilithe falláigh falaí folaithe
le leithe/léighthe léithi/léiche léi
a cholladhtuig a chollatáigh a chollataí a chodlataigh
cúmtha cumpadh cumpa cumtha
déibhin dibhin dibhin deimhin
fúghthadh fúighthe fúichi fúithi
leó leobhfa leofa leo
túnda sunda sonnda tamhanda
bhúr mur mur bhur

Deir an tOllamh Ó Curnáin go bhfuil "buanna agus laigí an mheáin chumarsáide logánta, is é sin an canúnachas, fite fuaite ina chéile i scéal spré na Cúirte tríd an am agus tríd an tírdhreach dhaonna.

De réir mar a chuaigh cóipeanna den Chúirt óna ceantar bunaidh in oirthuaisceart an Chláir, is iomú athrú friotail agus scríbhneoireachta a rinneadh. 

I gcomhthéacs na lámhscríbhneoireachta sa ré mhoch-nua-aoiseach, ba é scála sochthíreolaíochta na seanaimsire é: 'dúbhurt bean lióm go ndúbhrabh léithe' mar atá ag Merriman féin sa gCúirt. 

Ach ar scála i bhfad níos mó sa lá atá inniu ann, in Éirinn agus aon áit i gceangal an ghréasáin dhomhanda, oibríonn lucht logánaithe bog-earraí chun freastal ar mhargadh domhanda an bheagán mórtheanga atá rathúil agus inmharthana ar scála an domhain mhóir – Béarla, Spáinnis, Gearmáinis, Rúisis, Arabais agus Hiondúis mar shamplaí."

Cailleadh canúint Ros Comáin sular hanailísíodh go beacht í ó thaobh na teangeolaíochta de, fearacht fhormhór chanúintí na Gaeilge, agus sula ndearnadh taisce shásúil taifeadtaí fuaime de na cainteoirí dúchais deiridh.

"Bhí agus tá fós faillí á déanamh inár n-oidhreacht teangeolaíochta a thabhairt ar shlí shábhála, i gcontrárthacht leis an gcur chuige eolaíochtúil atá ar bun i ndoiciméadú cultúr eile agus a dteangacha atá i mbaol báis.

Tá go leor de thraidisiúin filíochta an domhain á gcailleadh in éindí leis na teangacha ina mairidís. 

De réir an taighde is déanaí ag Ethnologue, níl ach 0.1% de na 7,000 teanga a labhairtear sa lá inniu ag bláthú go domhanda, agus tá an Béarla i measc na dteangacha fíoreisceachtúla sin. 

Ar an láimh eile, tá 2,841 teanga, nó 35% den iomlán, faoi bhagairt nó á gcailleadh.

Ní rangaíonn Ethnologue an Ghaeilge a bheith i measc na 2,481 teanga atá faoi bhagairt, mar gheall ar stádas oifigiúil na Gaeilge agus an tacaíocht di. 

Ach, fearacht go leor de na teangacha sin, léirítear sa taighde nach bhfuil an Ghaeilge dhúchais á sealbhú go hiomlán ag an aos óg san iarsma den Ghaeltacht atá fágtha. Is fearr cumas an dreama óig sa Bhéarla ná sa Ghaeilge. 

Agus de réir an taighde, tá formhór an dreama óig ag labhairt Béarla le chéile.

Ó tharla a laghad cur amach againn ar Ghaeilge Ros Comáin, is foinse thábhachtach eolais dúinn athruithe Éamainn Uí Orchaidh ar dhán an Chláir, agus gach a bhfuil i láimh Uí Orchaidh trí chéile. 

Dháiríre is í seo an fhoinse chanúna is fearr dá maireann ó oirdheisceart an chontae.

Is ceantar foircneach suntasach é seo inár gcuid eolais ar an nGaeilge labhartha. 

Tríd is tríd, i gcomparáid le siar i dtreo iarthar Chonnacht, is folús canúineolaíochtúil Gaeilge, soir agus ó dheas ó Áth Luain, mar gur túisce a cailleadh an Ghaeilge i lár oirthear na hÉireann, de bharr spré labhairt an Bhéarla ón bPáil anoir."

Tuilleadh íomhánna de lámhscríbhinn Uí Orchaidh agus tráchtaireacht leis an Ollamh Brian Ó Curnáin

Aistríodh Cúirt an Mheán Oíche go Béarla go minic. Tá Frank O'Connor, Thomas Kinsella, Seamus Heaney agus Ciarán Carson i measc na bhfilí aitheanta a d'fhoilsigh leaganacha Béarla de. 

Chuir an Bord um Chinsireacht Fhoilseachán cosc ar leagan Frank O'Connor i 1946 ach ní dhearnadh cinsireacht riamh ar an mbunleagan Gaeilge.

Aistríodh an dán go Seapáinis sa bhliain 2015, an chéad uair le breis agus 100 bliain a aistríodh ón nGaeilge é go teanga eile seachas Béarla.

Léiríodh Cúirt an Mheán Oíche go minic ar an stáitse, an raidió agus an teilifís. 

I 1966, rinne RTÉ mórdhráma teilifíse de. Taifeadadh é ag Loch Gréine i gCo an Chláir, mar a dtiteann an file ina chodladh sa dán, agus ag Mainistir Sheireapúin i gCo Chill Chainnigh. 

Eoin Ó Súilleabháin a ghlac páirt an fhile agus Eithne Lydon a ghlac páirt Aoibheall. 

Bhí páirteanna ann freisin ag Caitlín Maude agus ag Fionnuala Ní Fhlannagáin (Fionnula Flanagan), a bhfuil cáil mhór bainte amach i Hollywood aici ó shin.

Image - Seán Ó Ceallaigh, Pictiúr ó Chartlann RTÉ

Seán Ó Ceallaigh, Pictiúr ó Chartlann RTÉ

Nuair a bhí sé ina Uachtarán ar Éirinn sna 1960í, d'iarr Éamon de Valera ar dhuine de chainteoirí Gaeilge deireanacha an Chláir Cúirt an Mheán Oíche a aithris ar téip. 

B'in é Seán Ó Ceallaigh, Teachta Dála Fhianna Fáil, as Forúir, Lios Uí Chathasaigh. 

Bhí an dán ar fad foghlamtha de ghlanmheabhair ag Seán agus tá roinnt véarsaí óna thaifeadadh ar fáil anseo. 

Tá a chuid foghraíochta slán ó thaobh na meadarachta de agus tagann sí lena raibh ar intinn ag Merriman ar an mórgóir.

Comhad fuaime le caoinchead Oifig Ealaíon an Chláir. Pictiúir ó Chartlann RTÉ.

Is mór is fiú a shonrú gur dóichí gur léigh Brian Merriman Cúirt an Mheán Oíche ag cúirt éigse in Inis in 1780. 

Is é a bhí sa chúirt éigse cruinniú de Ghaeil mheánaicmeacha liteartha na haimsire sin le saibhreas litríocht agus teanga na Gaeilge a choimeád agus a fhorbairt.

Deir an tOllamh Ó Curnáin gur "phleanáladar agus cheapadar rialacha don chúirt éigse sa gcaoi gur seachnaíodh nó gur coisceadh an Béarla, ionas gur bhláthaigh an Ghaeilge sa tearmann teangeolaíochta seo. 

Coisceadh an Béarla de fhrithghníomh nó de fhrithnimh ar chosc na Gaeilge ag an mBéarla sa saol comhaimseartha a bhí ag leathnú a cheannais san iliomad comhthéacsanna áitiúla, sóisialta, cultúrtha, polaitiúla agus eacnamaíochta. 

Léiríonn sin go dtig le teanga bláthú i réimsí áirithe den saol le linn di a bheith ag fáil bháis i gcomhthéacs an tsaoil mhóir – paradacsa a bhaineann le dlúth agus inneach na nua-aoise, agus na sár-nua-aoise go háirithe. 

Tá tréithe dearfacha go leor ag baint leis an nua-aois a chuidíonn le mionteangacha ach tá tréithe diúltacha go leor ann freisin a chuireann ar gcúl iad."


Image -

Crioch le Cúirt an Meón áoighthe
liomsa. Édhmonn Ó hórróchodh air
an Marráighbheag a nguirr
do bhaille athalúin. agus
air na chríochneamh an
threas lá don Mhaolluis
aois an tíagharna
náomhtha Dia
na glódhaire
May 3rd 1817.


*Sa lámhscríbhinn, tá roinnt leaganacha éagsúla dá ainm agus dá shloinne - Édhmonn Ó hÓrróchodh, Émon Ó hOrochodh, agus Edward Hore ina measc. Bainimid feidhm anseo as litriú caighdeánach Ghaeilge na linne seo.

Tuilleadh faoi Ghaeilge an Chláir anseo.

Is eagarthóir le Nuacht RTÉ é Ciarán Lenoach. Tá PhD sa tsochtheangeolaíocht aige.

Pictiúir ó Chartlann RTÉ