Deir dhá thrian de ghnóluchtaí beaga go mbeidís go mór faoi bhrú as seo go ceann bliana má leanann an ghéarcheim eacnamaíochta.

Léiríonn suirbhé a rinneadh ar na gnóluchtaí beaga go mbeidh níos lú daoine fostaithe iontu agus go mbeadh gearradh siar ar infheistíocht iontu.



Léiríonn suirbhé ó thionscal an bhia agus dí gur cailleadh dhá mhíle post sa tionscal sin ó thús na bliana agus go bhfuil a lán postanna eile sa tionscal i mbaol.

Deirtear gur costais arda agus titim ar luach sterling in aghaidh an euro is cúis le seo.



sé socruithe ag formhór na dteaghlach as an Rómáin ar ionsaíodh iad ina dtithe cónaithe i mBéal Feirste an tseachtain seo caite, an tuaisceart a fhágáil anois.

Tá ciste airgid éigeandála curtha ar fáil do na teaghlaigh chun íoc as a dturas abhaile. Idir an dá linn rinneadh damáiste do shéipeal i ndeisceart Bhéal Feirste inar tugadh dídean do na Rómánaigh an tseachtain seo caite.



duine de iarrthóirí thoghchán na hUachtaránachta san Iaráin ag iarraidh go dtionólfaí lá náisiúnta dobhróin sa tír arú amárach i gcuimhne na ndaoine ar fad a maraíodh in agóidí ansin le cúpla seachtain anuas.

Tharla agóidí agus círéibeacha sa phríomhchathair Tehran ó fógraíodh go raibh Mahmoud Ahmadinejad athofa mar Uachtarán. Maíónn páirtithe an fhreasúra ansin go raibh caimiléireacht i gceist sa phróiseas vótála.