an comhlacht deochanna, Diageo Ireland, ar leo Guinness, le breis agus céad duine a scaoileadh chun siúil.

Dúirt an comhlacht gur cinneadh ar seo mar chuid d'athstruchtúrú domhanda a dhéanfar ar an gcomhlacht féachaint le costais a laghdú.

Deir an comhlacht go rachaidh siad i gcomhairle leis na hoibrithe anois agus go raibh súil acu go bhféadfaí iomarcaíocht dheonach a thabhairt do go leor daoine.



Tharla a thuilleadh caismirtí i Tehran, príomhchathair na hÍaráine, áit ar toghadh Mahmoud Almadinejah ina Uachtarán ar an tír arís ag an ndeireadh seachtaine.

Tuairiscíodh ar raidió stáit na hIaráine gur maraíodh seachtar le linn léirsithe inné.

Dúirt an chomhairle toghchánaíochta sa tír go raibh siad ullamh chun cuid dena vótaí sa toghchán Uachtaránachta a chomhaireamh arís.



Léiríonn tuarascáil nua go bhfaighidh othar amháin as gach deichniúr a théann isteach san ospidéal galrú ar nós MRSA. Deir an tuarscáil ó Choláiste Ríoga na Lianna in Éirinn gur cheart d'othair a bheith curtha ar an eolas chomh luath agus is féidir má tharlaíonn seo.

Léirítear sa tuarascáil chomh maith go bhfuil gá lena thuilleadh seomraí leithlise agus a thuilleadh foirne chun dul i ngleic le galrú in ospidéil na tíre.


Maraíodh lánúin Éireannach agus gortaíodh a dtriúr clainne i dtimpiste bhóthair i Meiriceá. Deir na póilíní ansin go bhfuair Joe O'Connell ó thuaisceart Chiarraí agus Anne Coleman ó Chontae na Gaillimhe bás sa timpiste oíche Dé Domhnaigh.

Tá cóir leighis á cur ar a gcuid páistí, atá idir deich mbliana agus cúig bliana déag d'aois, san ospidéal.