Tá sé socruithe ag Ceardchumann na Seirbhíse Sibhialta agus Poiblí a iarraidh ar a mbaill vótáil féachaint ar cheart dul i mbun gníomhaíochta tionsclaí maidir le dleacht pinsin a ghearradh ar na baill agus mar gheall ar arduithe pá a chur ar athló.
Tá suas le 13,000 státseirbhíseach ar phá íseal ina mbaill den gceardchumann.
Tá an scéal á phlé ag Cumann na nAltraí inniu chomh maith.
Tá dul chun cinn déanta ag na póilíní sa tuaisceart maidir le dúnmharú mic léinn i gContae Aontroma breis agus fiche bliain ó shin.
Tá bleachtairí ag iarraidh labhairt le roinnt ban maidir le DNA a fuarthas ar an láthair ina dtángthas ar chorp Inga Maria Hauser as an Ghearmáin i 1988.
Tá cosúlachtaí idir an DNA a fuarthas agus eolas maidir le roinnt ban atá ar bhunachar sonraí sa Bhreatain.
Tá suas le céad tríocha duine marbh anois de bharr na dtinte san Astráil. Tá bailte i Victoria dóite go hiomlán agus tá na mílte acra talún scriosta.
Tá lucht tarrthála agus lucht múchta tine fós ag iarraidh na tinte a cheansú. Dúirt Príomh Aire na hAstráile gur dúnmharfóirí iad na daoine a thosaigh na tinte d' aonturas.
Maraíodh fear, sé bliana fichead d'aois, i dtimpiste i gContae Thír Eoghain go luath ar maidin. Bhí sé i ngluaisteán a bhí ag taisteal idir Dún Geanainn agus an Chorr Chríochach. Gortaíodh beirt eile.