Tá an Bille um Fhorais Chreidmheasa (Tacaíocht Airgeadais) 2008 á phlé sa Dáil arís inniu. Tabharfaidh an Bille cumhacht don Stát dul i mbannaí ar thaiscí i mbainc Éireannacha.
Deir an freasúra go bhfuil a thuilleadh eolais ag teastáil uathu faoin mbarrantas atá an Stát á chur ar fáil.
Leanfar den díospóireacht anocht le súil is gur féidir céim an choiste den mBille a rith.
Léiríonn na figiúirí is deireanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh gur mhéadaigh líon na ndaoine dífhostaithe a 50% le bliain anuas.
Léiríonn na figiúirí gur 244,500 duine a bhí as obair an mhí seo caite. Méadú 9,400 é seo ar fhigiúr na míosa roimhe sin.
Chuir bainistíocht Aer Lingus feidhmeannaigh SIPTU ar an eolas inniu faoi dheacrachtaí airgeadais na haerlíne.
Tá tuairimíocht ann go bhfuil sé i gceist ag an aerlíne an bóthar a thabhairt do suas le 1,500 duine trí oibrithe nach oibrithe Aer Lingus iad a úsáid le hobair a dhéanamh ag aerfoirt agus trí chriúnna Meiriceánacha a úsáid ar na heitiltí trasatlantacha.
I gCúirt Dúiche Luimnigh phléadáil fear, fiche bliain d'aois, neamhchiontach i dtiomáint chontúirteach i gContae Luimnigh anuraidh a raibh bás beirte mar thoradh air.
Phléadáil Niall Shannon as an Léana Mór, Béal Átha Longfoirt neamhchiontach i dtiomáint chontúirteach a raibh bás an Gharda Brian Kelleher agus an fear dóiteáin Michael Liston mar thoradh air. Bhí an Garda Kelleher agus an fear dóiteáin, Michael Liston ar láthair timpiste ar an mbóthar idir Eas Géitine agus Faing nuair a maraíodh iad.
Phléadáil Shannon neamhchiontach chomh maith i dtiomáint agus an iomarca alcóil a bheith ólta aige agus i ngluaisteán a raibh boinn lochtacha air a thiomáint.